Téacsbhéas — 6 leid téacsála

Anois agus muid ag bualadh lena chéile ar líne is é an téacs an príomh-mheán cumarsáide atá ann chun duine a mhealladh. Is uirlis úsáideach an “tcht” ach caithfear a bheith cúramach. Is féidir caidreamh a mhilleadh nó scanradh a chur ar dhuine má chuireann tú téacsanna amaideacha lán baothchainte chuige. Text-equette no “Téacsbhéas” a thugaim ar an dea-chleachtadh téacsála. 

An iomarca teachtaireachtaí…

Tosaíonn tú ag labhairt le duine ar líne, tá tú an-tógtha leis, agus ba mhaith leat GACH UILE RUD a roinnt leis! Ná déan é seo! Ta sé deacair ach bí spárálach le do théacsanna ag tús an chaidrimh. Ná seol téacsanna fada leadránacha mar gheall ar d’ailléirgí in aghaidh cait nó an geansaí nua a cheannaigh tú inné. Bíodh ciall agat, mura bhfuil duine ag freagairt do théacsanna, ná lean ar aghaidh ag seoladh teachtaireacht in ndiaidh teachtaireachta. 

Samhlaigh ag teacht abhaile agus na céadta litir a bheith taobh thiar den doras agus tú á oscailt. Is deas litir amháin a fháil, ach deich gcinn! Ma chuireann tú an iomarca teachtaireachtaí ceapfaidh an duine eile go bhfuil tú ag iarraidh airde an t-am ar fad agus nach bhfuil tú socair ionat féin, dhá thréith nach bhfuil éinne ag lorg i gcéile. 

Ró-úsáid an emoji…

Ba cheart emojis a úsáid, ach ní rómhinic. Nuair a bhíonn tú ag spochadh nó ag magadh, tá siad tábhachtach chun sin a chuir in iúl. Ach nuair a úsáidtear go rómhinic iad, cailltear an cumhacht. Sula n-úsáideann tú emoji, fiafraigh díot féin — “An bhfuil sé seo fíor? An bhfuil mé ag caoineadh agus ag gáire ag an am céanna? Fiú má tá, an gá duit é sin a sheoladh faoi thrí?”

B’fhéidir go seolaim “GOA” trí uaire in aghaidh an lae, ach táthar ann scríobhann i ngach dara téacs é. Bíonn siad ag GOA mar gheall ar a jócanna féin fiú. Ceapaim go raibh mé ag RTUG uair amháin i mo shaol agus, déanta na fírinne, bhí mé faoi thionchar drugaí ag an am. Má úsáideann tú an iomarca emojis ní bheidh a fhios ag daoine cathain atá tú ag gáire i ndáiríre. Smaoinigh ar an scéal mar gheall The Boy Who Cried Sad Face. 

 

Anailís ar théacsanna…

Tharla sé seo dúinn go léir. cuireann tú téacs fada, fairsing, fial chuig ghrá geal, ceann atá chomh fada agus foirfe sin go bhféadfaí é a chur ar shiollabas na hArdteiste mar ghearrscéal. Fanann tú ar an bhfreagra agus, faoi dheireadh, ní fhaigheann tú ach “CGL” nó “Sea” ar ais. Tosaíonn tú ag déanamh imní — “cad a rinne mé? An bhfuil sé/sí bréan díom? An bhfuil siad ag smaoineamh ar chríoch a chur leis an gcaidreamh?”

NBB! Ná bí buartha! Má chuireann duine teachtaireacht beag borb chugat, ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon suim acu ionat. B’fhéidir go bhfuil siad i mbun oibre, ag breathnú ar Netflix no sáite i gcomhrá domhain lena dheirfiúr. Is minic a chuirtear i leith fir go háirithe nach bhfuil siad in ann dhá rud a dhéanamh ag an am céanna — mar sin glac leis go bhfuil sé gafa agus na bí ag olagón faoi. Más rud é a tharlaíonn ó am go chéile agus ní rómhinic, ní gá a bheith thíos leis.

 

Téacsanna leadránacha…

Is beag rud a chuireann isteach orm chomh mór le téacs ó fhear a deir “Conas atá tú?” nó “Aon chraic?” Tá siad seo leisciúil agus leadránach. Taispeánann siad dom go bhfuil an fear seo cráite agus go bhfuil sé ag iarraidh ortsa e a spreagadh. Taispeánann téacs den saghas seo nach bhfuil mórán ag tarlú ina shaol féin agus go bhfuil sé ag braith ortsa. Má tá tú ag labhairt le duine ar Tinder agus tá dúil agat sa duine seo, seans go bhfuil dúil ag go leor daoine eile ann freisin. Ní sheasfaidh téacs “Haigh” amach. Mar sin bí cruthaitheach agus greannmhar le do théacsanna.

Is beag rud a chuireann isteach orm chomh mór le téacs ó fhear a deir “Conas atá tú?” nó “Aon chraic?” Tá siad seo leisciúil agus leadránach. Taispeánann siad dom go bhfuil an fear seo cráite agus go bhfuil sé ag iarraidh ortsa e a spreagadh. Taispeánann téacs den saghas seo nach bhfuil mórán ag tarlú ina shaol féin agus go bhfuil sé ag braith ortsa. Má tá tú ag labhairt le duine ar Tinder agus tá dúil agat sa duine seo, seans go bhfuil dúil ag go leor daoine eile ann freisin. Ní sheasfaidh téacs “Haigh” amach. Mar sin bí cruthaitheach agus greannmhar le do théacsanna.

Freagraí sciobtha…

Tá seanfhocal ann sa Fhraincis (tá a fhios agam is duine fíorchultúrtha me!):  suis moi, je te fuis, fuis moi je te suis” —  “rith i mo dhiaidh agus seachnóidh mé tú, seachain mé agus rithfidh mé i do dhiaidh”. Ta muintir na Fraince cliste le cúrsaí an chroí agus is fíor dá seanfhocal. Má fhreagraíonn tú gach teachtaireacht a sheoltar chugat ar an bpointe, ceapfaidh an duine eile nach bhfuil aon rud ar siúl agat seachas a bheith ag suí timpeall ag tnúth le téacsanna uathu. Caithfear beagán den mhistéir a choinneáil; Lig don duine eile bheith ag fiach! Da annaimhe a sheolann tú téacsanna is ea is mó a bheidh duine ag iarraidh bualadh leat.

Pictiúir dhána…

Ó am go chéile is deas sexy text beag a sheoladh chuig duine. Abair le duine go bhfuil tú ag smaoineamh orthu agus cuir síos ar na rudaí gur mhaith leat a dhéanamh leis an chéad uair eile  a fheiceann tú é! Nó cuir síos ar rud a thaitin leat an uair dheireanach a bhí sibh le chéile sa leaba. Seol téacs chuig duine a chuirfidh ag gáire iad agus fonn orthu na héadaí a stróiceadh díot!

Is breá le fir go háirithe pictiúir ghnéasacha a fháil ó mhná agus is deas iad a sheoladh ach bí cúramach. B’fhéidir go bhfuil tú dúnta i ngrá le duine agus go gceapann tú go bhfuil siad go hiomlán le trust ach níl a fhios agat cad a tharlóidh amach anseo. Faraor, tá an mí-úsáid gnéis trí íomhánna rábach go leor. Mar sin seachain pictiúir nochta a sheoladh ina dtaispeántar d’aghaidh.

Nod eile don eolach — bí an-chúramach agus tú ag brú “seol” ar théacsanna XXX. Agus tú i mbun caint ghnéasach tá an fhuil ar fad ag sileadh ó do cheann síos i dtreo áiteanna eile, b’fheidir gur cheap tú gur roghnaigh tú ainm “Mark” ach díreach i ndiaidh an tseolta, tugann tú faoi deara gur “Mam” a roghnaigh tú. Anois, tá pictiúr de do thóin lomnocht seolta agat chuig do mháthair! Má tharlaíonn a leithéid, ná bí róbhuartha, tharla sé domsa, lig mé orm gur goideadh m’fhón agus buíochas le Dia, níor aithin mo Mham mo thóin!

SCÉALTA EILE