Tá mé i mo shuí anseo os comhair ríomhaire le slat draíochta idir an dá chos agam… anois sin abairt nár shíl mé go scríobhfainn riamh i mo shaol!
Tá lá na cinniúna buailte linn agus bréagán úr romham le tástáil.
Dúirt mé libh cheana gur thaitin táirge de chuid an chomhlachta Lelo liom, mar sin cheap mé go mbainfinn triail as a mbréagán nua, an Ora 2.
A léitheoir uasail, nach ortsa atá an t-ádh agus tú i mo sheomra leapa, agus gan fiú deoch ceannaithe agat dom?!
Tá mé ar nós páiste ag am Nollag, bosca mór dubh romham, cuma chostasach air, agus mé ar cipíní le sult agus sástacht a bhaint as am liom féin… agus leatsa ar ndóigh 😉
Má tá tú i do shuí go te le timpeall €160 le spáráil agat, agus mura mbíonn deontóir flaithiúil agat mar a bhí agam féin, seo í an áit le fáil amach arbh fhiú an t-airgead a chaitheamh air seo nó arbh fhearr cuilceach a fháil leis an bheart a dhéanamh duit, agus Gaeilge agus Gael araon bheith ar bharr a theanga aige.
Ar an chéad radharc, tá cuma ar an Ora gur sealbhóir naipcín é, sealbhóir naipcín funkyáilte, ach mar sin féin, sealbhóir naipcín.
Mar a bheifeá ag dúil le Lelo, áfach, tá déantús maith ann, gach rud d’ardchaighdéan, rubar deas mín agus láidir, agus dath álainn air chomh maith.
Leis an fhírinne a dhéanamh, tá cuma níos fearr air ná a bhí ar chuid de na fir a raibh sé de phléisiúr acu bheith sa seomra seo liom.
Is bréagán é seo a ghlacann ról na teanga i gcúrsaí collaíochta, má thuigeann tú mé.
Tá an ‘teanga’ féin thart ar 2cm ar fhad agus gobann sé amach thart ar an fhad céanna.
Tá 10 socrú difriúla ann le tú a chroitheadh mar sin de tá sé chomh maith agam é a chur ar siúl agus fáil amach céard é an chraic go díreach… ní fiú amharc ar an lámhleabhar a tháinig leis, tá mé ró-thógtha agus ar bís lena thriail mar sin de away linn!
Ok, i ndiaidh an ríomhaire a leagan síos leis an spota ceart a fháil ritheann sé liom go bhfuil sé ciotach go maith é seo a láimhseáil.
An gcuirim m’ordóg tríd an hanla nó mo chuid méara?
Níl a fhios agam cé acu bun ná barr, tá sé ag drandal mar a bheadh sean-leaid ag an Oireachtas ann, agus níos measa fós, ní mhothaím rud ar bith go fóill beag… ní hamháin sin ach tá sé saghas pianmhar agus rud beag tirim.
B’fhéidir nárbh mhiste an lámhleabhar a léamh ag an phointe seo?
Ah há! Moltar leacht a úsáid leis (agus mála beag ina luí ar thóin an bhosca acu dom!) agus tá pictiúr beag ann fiú le taispeáint duit an dóigh lena láimhseáil…. hurrah!
Triail uimhir 2 agus, óóóó tá sé sin aisteach!
Deas ach sórt éadrom ag an am céanna… níos mó cumhachta dar liom… is furasta dul an iomarca leis ach tá sé íslithe píosa beag agam…. anois, sin é…
Tá an dá láimh de dhíth don chlóscríobh seo mar sin de tá an socrú is deise liom roghnaithe anois, an teanga ag dul timpeall go fadálach mar bhainne sa chuinneog agus é ag croitheadh ag an am céanna, agus é ag éirí níos láidre agus ansin ag ísliú agus ag láidriú agus ag ísliú mar a bheadh an fharraige ag líonadh agus ag trá ar Oileán Thoraí.
Tá mé sásta gur lig mé na maidí rámha le sruth mar go mothaíonn sé níos fearr gan mo lámha a úsáid, mar gheall go raibh sé chomh ciotach sin i mo ghlac… óró mo churaichín óóóóóó.
Maith go leor, níorbh é an “béalgrá” is fearr a bhí agam le mo linn, tá sibh sábháilte go fóill a fheara.
Bhí sé difriúil mar eispéireas, pléisiúrtha ina shlí féin, ach i mo bharúil phearsanta b’fhearr infheistíocht de €160 a dhéanamh i ndinnéar agus deochanna agus fear breá Gaelach sexyáilte le mo thaobh ná ceann acu seo a cheannach arís.
Sin ráite, beidh sé sa tarraiceán agam i gcónaí in am an ghátair, ní thabharfaidh sé freagra orm agus ní bheidh orm sásamh a thabhairt dó ina dhiaidh mar chúiteamh.
Is é an líne lipéid atá ag Lelo dó ná “tongue in cheek”, tá costas ard air cinnte, ach tá sé breá cheekyáilte fosta mar chara sa chófra.
Aguisín: Agus ag caint ar chara, feicim go bhfuil cailín nua darb ainm Nóirín ag léiriú a cuid saineolais san iris nua Fliuch a tháinig amach le déanaí. Bhuel, an gá dom a insint daoibh a chairde gur mé féin a mhúin gach rud di?