Tá sé deacair i gcónaí theacht ar dhuine amháin atá in ann tú a shásamh ar gach aon bhealach.
Cuir i gcás nuair atá duine maith sa leaba, d’fhéadfadh sé bheith ar an duine is leadránaí ar domhan agus tú ag caint leis, agus an duine is deise dár casadh riamh ort, thiocfadh dó nach é an duine is spleodraí sa diallait é.
Tá sé deacair i gcónaí an dá thrá a fhreastal agus dóibh siúd a d’aimsigh an duine a shásaíonn an dá ghné… coinnigh greim orthu!
Ach dúinne nár aimsigh an duine speisialta sin go fóill, an bhfuil réiteach ann gur féidir theacht air?
Tá mé idir triúr fear, sea triúr, faoi láthair:
– an duine a spreagann m’intinn agus a labhraíonn liom faoi cheisteanna móra an domhain;
– an fear a thugainn aire dom agus atá deas séimh liom;
– agus an fear atá an-mhaith sa leaba.
Níl mé i gcaidreamh le duine ar bith acu ach tá a fhios acu uile faoi na daoine eile.
An drochrud atá ar siúl agam? Ní dóigh liom é.
De réir suirbhé a rinneadh i Márta na bliana seo ar 1,000 duine fásta, dúirt 14% go mbeadh siad ar son caidreamh oscailte bheith acu, dúirt 86% nár thriail siad riamh é agus dúirt 72% nach mbainfeadh siad triail as choíche.
Is léir mar sin gur mionlach atá réidh le haghaidh caidreamh oscailte ach cad é go díreach atá ann, agus an fiú duit é a thriail?
Is ionann caidreamh oscailte agus beirt nó triúr, nó níos mó in amanna, i gcaidreamh le chéile ach fios acu ar fad go bhfuil cead ag na páirtithe eile bheith i gcaidreamh le daoine eile ag an aon am amháin, bíodh sé sin caidreamh collaíochta nó caidrimh níos fadtéarmaí.
Ar ndóigh is féidir le socrú mar seo bheith casta mar sin cad iad na rudaí ar chóir duit bheith airdeallach orthu agus tú ag iarraidh a leithéid a thriail?
1. Bí cinnte go bhfuil an bunchaidreamh (más ann dó) thar a bheith seasmhach agus sibh an-chompordach le chéile.
2. Bí cinnte nach bhfuil brú ag teacht ó do chéile ach gurb é seo an cinneadh ceart duit féin. Ná déan rud ar bith nach bhfuil tú compordach leis.
3. Leag amach na rialacha ón tús. Cad atá inghlactha? Cad iad na hoícheanta ar mhaith libh bheith le chéile? An bhfuil cead ag do pháirtí daoine eile a ghlacadh isteach i do theach féin?
4. Bí réidh le bheith éadmhar. Is tréith dhaonna é bheith éadmhar agus is gá é a phlé le do pháirtí / do pháirtithe. Más duine fíor-éadmhar thú, ní hé seo an cineál caidrimh duitse a chroí.
5. Cumarsáid, cumarsáid, cumarsáid. Is rud tábhachtach é seo i gcaidreamh ar bith ach níos tábhachtaí arís nuair atá cúpla duine i gceist.
6. Bí sábháilte! Úsáid coiscíní agus faigh scrúduithe rialta – má bhíonn sé ag duine amháin beidh sé agaibh uile!
7. Cuir liosta le chéile do dhaoine nach bhfuil cead ag an duine eile bheith leo. Gaolta leat, mar shampla, do chara is fearr, d’iar-bhuachaill srl. Is fiú bheith soiléir cé atá indéanta 😉
8. Cuir in iúl do do chuid cairde is fearr. Níl mé ag rá go gcaithfear an scéal a fhoilsiú ar nos.ie (ba bhreá liom cloisteáil faoi áfach!) ach is fiú á lua le do dhlúthchairde sa dóigh is nach bhfaigheann tú snapchat i lár na hoíche don fhear/chailín le duine eile.
9. Bain sult! Ceann de na fáthanna a bhfuil muid ar an domhan seo ná chun taitneamh a bhaint as an saol. Más é an rud é go bhfuil sé oibrithe amach agat gurb é seo an cineál caidrimh duitse, déan é agus ná bíodh aon bhuaireamh ort. Agus má fhaigheann tú amach nach bhfuil tú ag baint sult as, is féidir bogadh ar shiúl le do smig in airde agus fios agat gur bhain tú triail as.
Maidir leis na triúr muscaedóirí s’agam féin?
Déarfainn gur chóir dom an triúr a ligean le gaoth nó níl dúil agam dáiríre i nduine ar bith acu, ach seans go bhfanfainn tamall beag eile… i ndeireadh na dála, níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin!