Thug mé ar ais chuig mo phuball é…
An Cailín sa Chathair ag EP

Tá deireadh seachtaine na Picnice Leictrí tagtha faoi dheireadh agus níl mé cinnte fúibhse ach tá mise ag dúil go mór leis an chraic mar aon leis an chraiceann.

Ní raibh deis agam craiceann a bhualadh le tamall anuas agus tá adharc orm anois ag smaoineamh faoin oiread daoine dathúla dóighiúla a bheas ann. 

Bhí mé ann anuraidh den chéad uair agus d’éirigh liom teacht ar dhuine na daoine draíochtúla sin. 

Oíche Shathairn a bhí ann agus bhí mo chairde ar fad spíonta i ndiaidh dhá oíche agus lá ag cóisireacht. Mar sin bhí mise amuigh ag damhsa is ag baint sult as an oíche nuair a tháinig spéirfhear chugam le damhsa liom. 

D’éirigh muid níos cóngaraí lena chéile agus an oíche ag dul ar aghaidh agus faoi dheireadh bhí mé ag damhsa os a chomhar ag grindeail mo thóin in éadan a bhoid. Níorbh fhada go raibh mé in ann a mhothú cé chomh crua is a bhí sé.

Ní raibh seiseann in ann a mhothú cé chomh fliuch is a bhí mé féin agus dhéanfainn rud ar bith ag an bhomaite sin lena chuid éadaí ar fad a bhaint dó agus é a raighdeáil ar an urlár damhsa. 

Thuig seiseann go raibh mé aige ansin agus thosaigh sé ag pógadh mo mhuiníl agus ag bogadh mo chromáin le go raibh muid beirt ag bogadh lena chéile is mo thóin ag cuimilt a bhoid. 

Mhothaigh mé go raibh daoine thart orainn ag amharc orainn ach thug sin spreagadh dúinn seó a chur ar siúl dóibh. 

Thiontaigh mé agus phóg muid den chéad uair. Ní raibh ainm an strainséara seo ar eolas agam go fóill ach bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh air seilbh a ghlacadh ar mo cholainn ar feadh na hoíche. 

Shocraigh sé a bhod isteach faoina chrios agus ghlac mé a lámh lena threorú ar ais chuig mo phuball. 

Bhain muid dínn ar gcuid buataisí báistí agus chaith sé síos ar an tocht aeir mé. Thug sé póg fhada phaiseanta dom agus é ag baint mo ghúna de mo ghualainn. 

Lean a mhéar ó chúl mo chluaise, síos taobh mo mhuiníl agus ar aghaidh le ciorcail bheaga a dhéanamh thar mo chíoch chlé. Bhí sé ag cuimilt a bhod go héadrom in éadan mo phite agus bhí mé ag guí go gcuirfeadh sé ionam go luath é.

Thuig sé go raibh sé do mo chéasadh agus é ag dul chomh mall sin ach dá mhéid a d’iarrfadh mé air mé a ghlacadh is ea is moille a bhogfadh sé.

Ní raibh mé in ann é a ghlacadh níos mó agus b’igeann dom smacht a fháil ar chúrsaí. D’oscail mé a chrios agus d’iarr mé air a bhriste a bhaint de. Bhain mé féin a léine de agus thosaigh mé ag cuimilt a bhoid agus é féin ag cinntiú nach raibh pioc éadaí ormsa ach an oiread. 

Deis s’agamsa a bhí ann ansin a bheith i gceannas. 

D’ordaigh mé é a bheith ina luí agus thiontaigh mé féin le suí ar a aghaidh. Chuir sé a dhá lámh ar mo chosa agus chuir sé a theanga is a bheola ag obair. Fuair mé faoiseamh ar deireadh agus mé ag rideáil a aghaidhe is ag cuimilt mo chíoch agus ní raibh mé in ann mé féin a chiúiniú agus an anáil á baint díom.

Chrom me síos agus thosaigh mé ag dúil a bhoid le hiarracht a dhéanamh me féin a chiúiniú. Stop mé nuair a chuir sé in iúil dom go raibh sé cóngarach le pléascadh mar ní raibh mise ag iarraidh go dtiocfadh deireadh leis an spraoi go fóill.

Bhóg me agus shuí mé ag barr a chos. Chuir mé coiscín air agus las mé tóirse le go mbeadh sé in ann sult a bhaint as an radharc os a comhair.

Shleamhnaigh mé síos arís ar a bhod. Bhí mé chomh fliuch sin nach raibh deacrachtaí ann é a chur isteach ionam. 

Chuir sé ordóg ar mo bhreall agus mise lámh ar a mhagairlí agus bhóg muid le chéile gur tháinig mise ar dtús agus eiseann tamall i mo dhiaidh. 

Ní fhaca mé an strainséar cuidiúil sin riamh arís ach tá mé ag dúil go dtiocfaidh mé air nó ar dhuine leis na scileanna céanna leis anois ag an Phicnic.