Deirtear go dtagann gach rud lena iomrá, ach ní mar sin a bhí an cailín seo sa chathair le cúpla seachtain anuas.
Tharla rud éigin dom nár tharla riamh i mo shaol.
Ní fhéadfainn teacht.
Is é sin le rá nach bhféadfainn buaicphointe a bhaint amach, ná íosphointe fiú.
Thriail mé gach rud:
– An béalghrá go dtí go raibh beola agus teanga an Bhuachaill sa Chathair dearg le fearg.
– Thriail mé suathaireacht, agus óla álainn speisialta a bheith cuimilte ar gach ball coirp.
– Bhain mé triail as bia áirithe a ithe; pomagránait, asparagas, biatas, seacláid agus mil go fiú.
– D’ól mé an oiread caife chomh maith ach go fóill féin ba é an t-aon phónaire a bhí ag mothú aon rud ná mo phónairí caife agus iad ag ullmhú mo chappucino.
D’imigh ceithre seachtaine thart agus mé ag iarraidh theacht ar fhuascailteoir a ligfeadh dom buaicphointe a bhaint amach arís, ach ní raibh ag éirí liom.
“Tá an iomarca smaoinimh á dhéanamh agat faoi,” arsa Buachaill sa Chathair.
“Stad de bheith ag machnamh air agus tiocfaidh sé, nó tú, go nádúrtha.”
Éasca dó a rá agus é ag teacht leis pé uair is mian leis agus mise bocht ag déanamh mo dhíchill gan a bheith ag mothú éadmhar.
Anois, tuigim go mbíonn mná ann agus go mbíonn sé deacair acu orgasam a bheith acu, ach ní sin mar atá mise – ní hea, ní bheadh sé aisteach dá dtiocfainn faoi thrí nó faoi chúig go fiú le linn seisiún maith collaíochta, agus is minic mé ag iarraidh leanúint ar aghaidh fiú i ndiaidh uair nó dhó nuair atá an créatúr bocht eile ag iarraidh titim chun suain.
Bhí sé seo tubaisteach – dar liom go raibh mé briste agus nach mbainfinn súnás amach arís choíche, go mbeinn ag siúl timpeall na háite mar sheanbhean chantalach chráite, Peig i saol na collaíochta agus mé ag dul a fháil bháis le tart na pite.
“Tá go maith,” arsa Buachaill sa Chathair, “is gá dúinn rud éigin eile a thriail… ar smaoinigh tú riamh faoi viagra na mban a ghlacadh?”
“Viagra?!” arsa mise, agus íomhánna de sheanlead craptha ag tarraingt a bhóid chun beochta ag teacht isteach i mo cheann.
Thóg mé an ríomhaire glúine agus rinne mé gúgláil air láithreach.
An mbeadh sé sábháilte?
An mbeadh sé costasach?
Cén chaoi a mothóinn agus mé ag seasamh sa chógaslann ag fanacht leis an phiolla gorm?
Nó an mbíonn ceann na mban bándearg go fiú?
Uair an chloig níos deanaí agus bhí mé ag léamh na léirmheasanna uile a bhí mná eile ag scríobh faoi na piollaí éagsúla seo agus saol iomlán nua nochta os mo chomhair.
Ní raibh aon fhianaise eolaíochtúil ann ach de réir an méid a bhí le maíomh ag na mná údaí seo, b’fhiú á thriail!
Chinn mé á ordú ar líne, an ceann ba mhó réalta de réir na mban seo, agus nuair a shroich sé an teach ní fhéadfainn fanacht lena chur i mo bhéal (ní sin an chéad uair ar dúirt mé sin, deir sibh).
De réir na dtreoirlínte thosódh sé ag obair tar éis uaire nó mar sin agus dá bhrí sin thosaigh mé féin agus é féin ag súgradh.
An t-aon bhealach le cur síos a dhéanamh ar ar tharla ina dhiaidh sin ná… fliuch agus fiáin!
Mhothaigh mé teas dochreidte ar fud mo choirp agus bhí na ribí gruaige ar seasamh ag mothú gach uile rud.
Bhraith gach rud ní ba theasaí agus bhí iontas an domhain orm a fheabhas is a bhí sé.
Nílim cinnte ar bhain sé leis an phiolla féin nó leis an iarmhairt placebo, ach bhí mé ábalta bheith iomlán ar mo shuaimhneas agus ligean do na hamanna maithe teacht chugam agus mise ag teacht in éineacht leo chomh maith.
An mhaidin arna mhárach, áfach, agus a leithéid de chinneas tinn nár mhothaigh mé riamh.
A mhná, ní féidir liom bheith iomlán cinnte i ndiaidh oíche amháin dá úsáid – beidh orm ar a laghad an dara nó an tríú húsáid a bhaint as lena chinntiú go n-oibríonn sé go leanúnach – ach glac uaimse é, má oibríonn sé mar a d’oibrigh an chéad uair, beidh súnás níos airde ná riamh bainte amach ag an gcailín sona seo.
Mholfainn go fóill triail a bhaint as na bealaí nádúrtha ar dtús ach má bhuaileann fonn nó fiosracht sibh ní dóigh liom go mbeidh díomá oraibh, ná ar bhur gcéile.
*Ar ndóigh, má bhíonn tú ag iarraidh piolla den chineál seo a ghlacadh, is fiú labhairt le do dhochtúir roimh ré.