‘Cronóidh mé mo dheartháir an Nollaig seo ach caithfidh achan duine fás aníos…’

D’fhágadh muid brioscaí & cairéad ar phláta achan Oíche Nollag. D’fhanadh muid inár suí ag amharc amach an fhuinneog achan bhliain le Santy a fheiceáil. D’oscail muid ár gcuid bronntanais le chéile achan mhaidin Nollag.

D’fhanadh muid inár suí agus muid níos sine agus bhíodh cúpla manglam againn. D’itheadh muid ceapairí i ndiaidh an dinnéir cé go raibh muid lán go béal cheana féin. D’amharcadh muid ar scannán amháin i ndiaidh scannán eile, an lá uilig. Bhain muid an oiread sult as an am speisialta le chéile, ar an lá speisialta sin, achan bhliain dár saol.

Beidh mo dheartháir thar sáile an Nollaig seo. Brisfidh sé mo chroí nach bhfuil mo chara liom ar an lá is fearr den bhliain. Cronóidh mé a chomhluadar, a chairdeas agus féith an ghrinn s’aige. Is doiligh an rud é dul i dtaithí ar bhall clainne ag dul ag taisteal nó ag bogadh thar lear ach is rud é go bhfuil taithí againn uilig ar na laethanta seo.

Is cuimhin liom an Nollaig seo caite. Chuaigh Mam agus Dad a luí thart ar mheán oíche. Rinne mo dheartháir agus mé féin Cosmos agus shuí muid ag amharc ar Borat 2 agus ag caint linn i rith na hoíche.Sílim go raibh sé speisialta domh mar nach bhfaigheann muid an deis mórán ama a chaitheamh le chéile. Ach, ar an oíche seo, ní raibh ach mé féin agus mo dheartháir ann. 

Cuimhním siar ar na Nollaigí roimhe seo nuair a bhí muid óg. Níl ach cuimhní fíorspeisialta agus sona agam. Lig Mam dúinn Daidí na Nollag agus fir sneachta a phéinteáil ar na fuinneoga achan bhliain. Bhácáil muid brioscaí Nollag agus thig liom na spíosraí cainéil & noitmig a bholadh tríd an teach go fóill. Chroith muid bainne te i bhfleasc le seacláid te a dhéanamh as. Chan muid amhráin Nollag agus chuir muid maisiúcháin in airde le chéile. 

An mbeidh Nollaig againn mar theaghlach iomlán riamh arís? Is deacair a rá. Caithfidh achan duine fás aníos agus bogadh ar aghaidh le saol s’acu chuig an gcéad chaibidil eile. Is rud iontach é triail a bhaint as rudaí úra agus dul ar aghaidh chuig céim úr i do shaol. Mar sin féin, cronóidh mé m’óige, na cuimhní deasa agus na laethanta Nollaigiúil speisialta a chaith mé le mo dheartháir.