Cuir splanc an Earraigh…

Tá an geimhreadh dorcha gruama á ghlanadh ag solas an Earraigh agus cloigne lus an chromchinn á múscailt chun fáilte a chur roimh bheatha agus bheocht an tséasúir úir.

Is tréimhse é an tEarrach don athnuachan chun fuinneamh úr a chur i do choiscéimeanna.

Is é seo an t-am ceart mar sin chun snas agus smais a chur ar do theach agus do vardrús dar le Sorcha Nic Eochagáin atá anseo le 5 leid glantacháin agus stíle a rachaidh chun tairbhe don teach, don timpeallacht agus don tsláinte!


1)  Glan le fínéagar fíona agus sóid aráin, agus beidh leat…

diycleaning

Bealach maith chun ceimicí láidre a sheachaint ar bhonn laethúil é táirgí glantacháin nádúrtha a úsáid.

Beidh fínéagar fíona bán ar an cara nua is fearr leat, fan go bhfeicfidh tú!

Measc an fínéagar le huisce – leath agus leath – doirt isteach i mbuidéal spraeála é agus ar aghaidh leat.

Is féidir leat cúpla braon d’ola labhandair a chur isteach ann ionas go dtabharfaidh sé an boladh cumhra leis.

Is ábhar glantacháin ginearálta é seo agus is féidir é a úsáid sa chistin agus sa leithreas nó cíbe áit timpeall an tí.

I gcás caonaigh a bheith ag fás in aon áit ar bhallaí an tí lasmuigh nó istigh, glan le beagán fínéagar fíona bán, nach bhfuil measctha le huisce.

Is iontach an jab a dhéanann sé.

Má tá bac ar uisce a bhealach a dhéanamh síos píopa an phoill slogaide nó ceatha tá leigheas na faidhbe agam duit.

Caith uisce fiuchta – arb ionann an méid a líonfadh an citeal é – síos an poll agus lean le cúpla spúnóg bhoird de shóid aráin (baking-soda).

Fág ar feadh 5 – 10 nóiméad agus ansin caith cúpla slug de do sheanchara fínéagar fíona bán ar a bharr.

Fág anois é ar feadh 20 nóiméad, le ham a thabhairt dó an t-ábhar atá ag cur bac leis an uisce a bhriseadh síos.

Arís caith uisce fiuchta thíos ann, ar an méid céanna, agus mar a bheadh draíocht taobh thiar dó, beidh píopa glan agat!


2) Maidin iarchóisire? Faigh greim ar shóid aráin! 

baking soda

Má bhíonn cóisir tí agat nó má dhoirteann tú rud éigin, tá sóid aráin go maith ag fáil réidh le drochbholadh chomh maith.

Abair slán le Febreeze agus tarraing sóid aráin anuas ón gcófra.

Cuir blúire beag áit a bhfuil an drochbholadh ag teacht uaidh agus fág é ar feadh uair an chloig.

Níl le déanamh ansin ach an púdar bán a húvaráil suas. Beidh ionadh ort cé chomh éifeachtach is atá sé: bhí ormsa.


3) Feng shui!  

Spring bed1

Is mór an chabhair é don intinn an troscán atá i do sheomra codlata a athrú thart anois agus arís.

Is féidir difear mór a dhéanamh gan mórán dúshláin.

Bog an leaba go dtí suíomh éigin eile sa seomra.

Cuir braillíní nua ar leaba.

Glan amach na rudaí nach bhfuil uait a thuilleadh – cuirfidh an siopa carthanais áitiúil fáilte roimhe.

Agus tú sa siopa carthanais ceannaigh péire cuirtíní duit féin má leagann tú súil ar chinn dheasa.

Cuirfidh cuirtíní deasa splanc le spás ar bith!

Is mór an cuidiú duit féin, don intinn agus don tsláinte go bhfuil áit chompordach agus glan agat le hoíche mhaith codlata a fháil.

Mothóidh tú go hiontach, geallaim daoibh!


4) Líomóid V An Oigheann 

Cleaning lemon

Má tá micreathonnán nó gnáth-oigheann le glanadh agat, oibríonn uisce agus líomóid go han-mhaith.

Faigh babhla beagnach lán le huisce agus fáisc sú leath líomóide isteach ann.

Is féidir cúpla píosa líomóide a chaitheamh isteach chomh maith.

Cuir an babhla isteach sa mhicreathonnán agus cuir ar siúl é ar feadh 1- 3 nóiméad.

Cruthaíonn an t-uisce gal san am sin agus is antabaictéarach nádúrtha í an líomóid atá an-éifeachtach in aghaidh an bhealaidh (grease) agus an tsalachair.

Má tá tú ag plé le gnáth-oigheann, úsáid uisce fiuchta in áit uisce fuar agus cuir isteach san oigheann é.

Dún an doras agus fág ann é ar feadh 10 – 15 nóiméad.

Ní gá duit an t-oigheann a chasadh ar siúl agus beidh sé fós éasca an bealadh a glanadh suas.

Má tá salachar dóite san oigheann déan sórt taos don tsóid aráin agus beagán uisce agus fág ar an spota é ar feadh leathuaire agus triail ansin é a ghlanadh.

Feicfidh tú gur fusa i bhfad é seo ná a bheith ag marú tú féin le scuab sciúrtha.


5. Vardrús an Earraigh…

Clothing-Swap

Anois agus an teach deas glan agat, eagraigh oíche mhalartú éadaí agus tabhair do chairde le chéile d’oíche lán spraoi.

Bíonn rath níos fearr ar theacht le chéile mar seo má deir tú le do chairde a gcairde a thabhairt leo chomh maith nó seans gur mhaith leat ‘leathanach ócáide’ a chruthú ar Facebook lena fhógairt.

Tuilleadh daoine, tuilleadh craice agus tuilleadh seans go bhfaighidh tú réitigh d’éadaí nach gcaitheann tú agus go bhfaighidh tú cúpla píosa nua don vardrús.

Fáilte romhat a Earraigh!

SCÉALTA EILE