Tá muid i seachtain a deich anois den chéad seimeastar ollscoile — rud a chiallaíonn nach bhfuil ach coicís fágtha againn agus tá an t-ualach oibre ag éirí níos troime achan lá. Mothaíonn sé ar nós go bhfaighim réidh le haiste amháin agus bíonn an chéad aiste eile le déanamh láithreach bonn agus níl go leor uaireanta an chloig sa lá.
Tá mé féin i mbliain na céime faoi láthair agus tá an brú breise sin ann go bhfuil an chéim ar fad ag brath ar an obair a chuirim isteach sa chéad chúpla seachtain eile. Tá mé a rá liom féin le cúig bliana anuas go n-oibreoidh mé níos crua an bhliain seo chugainn ach tá ‘an bhliain seo chugainn’ anois ann agus níor athraigh a dhath!
Dá mhéad oibre atá le déanamh agam is ea is mó a bhím ag iarraidh amharc ar chlár teilifíse nó dul amach ag súil nó piontaí a ól. Fiú agus seo á scríobh agam, tá mé ag dul idir Twitter, Instagram agus caint le mo chairde gan trácht ar na cluichí Sudoko ar an ríomhaire — ach sin scéal eile fá choinne lae eile.
Sílim go mbionn an fhadhb chéanna ag léir mór daoine, go háirithe mic léinn, go ndéanann muid iarracht rudaí a chur siar chomh fada is atá muid in ann agus tabhairt faoi ag an bhomaite deireanach. Agus is cinnte go mbíonn muid ar fad thíos leis dá bharr.
Tá sé fíordheacair sult a bhaint as físeáin ar YouTube faoi mháithreacha sa phríosún nó daoine a rugadh le ceithre chos nuair atá aistí, obair bhaile agus staidéar le déanamh agam, creid é nó ná creid, ach déanaim go fóill é agus tá mé cinnte go ndéanfaidh mé go deo é.
Is breá liom fios a bheith agam ar an dóigh a n-oibríonn ár n-intinn agus an fáth síceolaíochta go ndéanann muid na rudaí a dhéanann muid agus ba bhreá liom fáil amach cad chuige a mbíonn muid i mbun moilleadóireachta agus cén dóigh stop a chur léi.
Deirtear gurb é an tús an chuid is deacra d’aiste ach níl a fhios agam an gcreidim sin mar is minic a osclaím rud, scríobhaim an chéad líne agus go tógaim sos ar feadh trí uair an chloig.
Fuair mé leabhar iontach ó chara liom darb ainm The Artists Way* (míle buíochas Edel!) a chuidíonn le healaíontóirí a bheith níos cruthaithí agus gan a bheith dá stopadh féin, ach cuidíonn sé ó thaobh obair a dhéanamh chomh maith agus sílim go mbeadh sé úsáideach do mhic léinn.
Níor éirigh liom an leabhar a chríochnú go fóill mar gheall go gcoinním orm á chur siar ach, lá éigin, beidh sé críochnaithe agam, cuirfidh mé stop leis an mhoilleadóireacht agus beidh mé sona sásta i mo shaol.
“Seans go léifidh mé sin anocht,” a deirim agus mé ag fáil bháis faoi ualach na n-aistí.
*Ní bhfuair mé aon urraíocht do phoibíocht an leabhair seo ach dá mbeadh an t-údar nó duine ar bith eile ag iarraidh cúpla punt a thabhairt dom, ní chuirfinn stop leo!