‘Cuirtear deireadh le cuntais anaithnide ar Twitter’

Is fada an lá muid ag rá gur cheart do Twitter dul i ngleic leis an troll. Níl mórán déanta fós acu. D’fhógair an comhlacht le deireanaí go raibh gné nua curtha i bhfeidhm acu a laghdódh an méid drochíde a thugtar do dhaoine. As seo amach, is cosúil go ‘bhfeicfidh’ Twitter má tá tú ar tí teachtaireacht nach bhfuil an-deas a sheoladh. 

Feicfear é, ach ní stopfar tú. Cuirfidh Twitter ceist ort ag fiafraí ‘b’fhéidir gur mhaith leat breathnú air seo arís?’ Tabharfar rogha ansin duit: seol amach é, athraigh é, nó faigh réidh uilig leis. Iontach. Cuirfidh sé sin caoi ar chuile shórt. Go háirithe nuair i mBéarla amháin a bheidh sé acu.

De réir Twitter, tá taighde déanta le bliain acu a léiríonn nuair a thugtar an rogha seo do dhaoine, go seolfar níos lú teachtaireachtaí maslacha. B’fhéidir go bhfuil an ceart acu nuair is gnáthdhuine atá ar tí rud gránna a scríobh. B’fhéidir gur chuir rud eicínt colg orthu, nó gur mhaslaigh an chéad teachtaireacht iad féin mar dhaoine agus gur mhothaigh siad go raibh siad ag iarraidh rud eicínt a rá ar ais. Sin iad na daoine is dóigh a n-oibreoidh an t-athrú seo dóibh. Daoine atá múinte agus réasúnach go hiondúil. 

Ach céard faoi na daoine eile? Rinne Amnesty International taighde freisin cúpla bliain ó shin ar ghiolcacha a cuireadh chuig polaiteoirí agus iriseoirí sa mBreatain, a thaispeáin go raibh teachtaireacht mhaslach á seoladh chuile thríocha soicind chuig mná. Tá a fhios ag madraí an bhaile go n-ionsaítear mná a mothaítear go bhfuil éirí in airde iontu. 

Tá sé faighte níos measa le bliain, ós rud é go raibh mná níos mó i mbéal an phobail ná mar a bhí riamh cheana mar gheall ar an bpaindéim. Mná den chuid is mó atá ag obair san earnáil leighis agus altrachta. Mná den chuid is mó a bhíonn ag cur amach eolais faoin tsláinte phoiblí. Colúnaithe ban ba mhó a thuig an drochbhail a bhí an phaindéim ag cur ar sheirbhísí sóisialta, oideachais, agus leighis, agus bhí orthu labhairt amach in aghaidh na ndaoine a bhí chomh himníoch sin faoin eacnamaíocht. 

Na fir a bhí ag iarraidh an Nollaig bhríoch. Oscail na bialanna. Oscail na tithe ósta. Scaoil eitleáin lán daoine abhaile. Na brúghrúpaí a roghnaigh gan an phaindéim a thuiscint. Tá an rud céanna ag tarlú d’iriseoirí. Agus mé á scríobh seo tá an scannal faoi chuntas rúnda Eoghain Harris ag bailiú nirt. 

Ní raibh dóthain sa gcolún a bhí aige le hionsaithe a dhéanamh ar dhaoine. Ina measc, teachtaireachtaí chuig iriseoir óg ón Irish Examiner a bhí chomh gránna go raibh uirthi cúnamh a fháil ó chomhairleoirí agus dul chuig na Gardaí. Níl ach dhá rud ann a chuirfidh deireadh leis an gcraic seo. Ar an gcéad dul síos, caithfidh ár sochaí dul i ngleic leis an bhfuath atá ann do mhná. Tógfaidh sé sin am. 

An dara rud, agus rud a d’fhéadfaí a dhéanamh anois díreach ná deireadh a chur le cuntais anaithnide ar Twitter. Ní thógfadh sé sin achar ar bith agus ní theastódh aon thaighde chun é a dhéanamh. Ach is dóigh go mbeadh sé sin róchasta le déanamh. 

SCÉALTA EILE