Gheobhaidh mé bás lá éicinnt. Gheobhaidh tusa bás lá éicinnt. Gheobhaidh gach uile dhuine againn bás lá breá éicinnt. Agus fágfar inár ndiaidh corp a mbeidh ar ár muintir déileáil leis.
Céard is ceart a dhéanamh le coirp na marbh? Déarfaidh go leor sa tír seo gur cóir iad a chur i mbosca deas adhmaid agus a chur faoin talamh in áit bheannaithe ar féidir cuairt a thabhairt orthu ann. Déarfaidh daoine eile gur ceart an corpán a chréamadh agus na luaithrigh a scaipeadh nó a choinneáil i mbosca.
Is iad an cur agus an créamadh an dá mhodh is coitianta sa tír seo – agus i dtíortha an domhain uilig – le coirp daoine a láimhseáil ach ní hiad is fearr don chomhshaol. Úsáidtear acraí talún le daoine a chur agus de réir mar atá an daonra ag dul i méid is i ngainne atá an talamh ag dul. Tá fadhb mhór ann i nGaeltacht na Gaillimhe, mar shampla, mar nach bhfuil dóthain spáis ann do na mairbh i reiligí an cheantair. Seachnaítear fadhb an spáis leis an gcréamadh ach is as breosla iontaise a ghintear an fuinneamh a úsáidtear leis na coirp a dhó agus cruthaíonn sé sin go leor fadhbanna ó thaobh an chomhshaoil de.
Chonacthas do Katrina Spade, bunaitheoir an chomhlachta Mheiriceánaigh Recompose, go raibh bealach eile ann fós – an múiríniú. Déanann Katrina agus a comhlacht an rud ar a dtugann sí féin “dí-ocsaídiú orgánach nádúrtha” ar choirp daoine agus tugann an chré a fhágtar ina ndiaidh dá muintir nó do choillte i stát Washington a bhfuil géarghá acu le ithir úr.
Tógann an próiseas ar fad tríocha lá, ón uair a leagtar an corp amach ar chlár lán tuí, féar, sliseanna adhmaid, agus ábhar eile orgánach a bhrostaíonn próiseas an mhúirínithe. Clúdaítear an clár agus cuirtear an corp isteach i mbosca mór agus fágtar ann é ar feadh míosa nó beagán lena chois. Brúitear aer bog tríd an mbosca i gcaitheamh an ama sin agus ligtear do na bitheoga a gcuid oibre a dhéanamh.
Bristear an corp síos agus faoi dheireadh an phróiseas ní bhíonn fágtha ach an chré. Má bhíonn rud ar bith eile ann – ábhar neamhorgánach dála glúin ionaid nó líonadh fiacail – baintear é sin amach as an gcré agus déantar athchúrsáil air. Má bhíonn aon chnámh ann nár briseadh síos ina hiomlán le linn an phróisis, cuirtear i meilteoir beag í agus déantar dusta mín de.
Nuair a bhíonn an chuid seo den phróiseas thart, tógtar an méadar cearnaithe de chré a fhágtar i ndiaidh an duine amach as an mbosca agus ligtear dó leasú ar feadh mí eile. Nuair a bhíonn an mhí sin caite, bíonn an chré ar fáil le cur i ngairdíní príobháideacha, i gcoillte, nó ar thalamh caomhnaithe eile.
Maíonn Recompose go gcuireann an próiseas nua seo – atá bunaithe ar an gcaoi a láimhseálann feirmeoirí le corp a mbeithíoch – na cothaithigh ó chorp an duine ar ais sa domhan nádúrtha. Cabhraíonn sé le coillte nua fás, coinníonn sé carbón sa talamh, agus a cothaíonn sé beathra nua.
Níor chaith mé mórán ama ag smaoineamh ar an mbás agus ar an rud a tharlóidh ina dhiaidh, ach níor thaitin coincheap na reilige chomh mór sin liom riamh. Nuair a bhásaigh m’aintín in 2005 créamadh í agus cuireadh na luaithrigh in ‘uaigh’ bheag ina gairdín féin. Thaitin an smaoineamh sin liom i bhfad níos mó.
Anois agus an múiríniú duine feicthe agam, ba mhaith liom go ndéanfaí cré díom, go leagfaí an chré sin i mo gharraí féin, go gcuirfear doire bheag ann, agus cloichín oghaim a bhfuil m’ainm uirthi ina lár.