Ní dhearna mé aon rún athbhliana i mbliana. Níor cheap mé go mb’fhiú dom é. Bhí mí Eanáir fuar agus gruama agus ní raibh fonn dá laghad orm ligean orm féin go raibh mé ag dul nósanna nua a chruthú thar oíche. Anuraidh, níor bhain mé oiread is ceann amháin acu amach, cé go raibh pleananna móra agam i dtús na bliana. (Bhí mé óg agus soineanta, cheap mé go raibh bliain mhór mhaith amach romhainn).
Don Charghas anuraidh, gheall mé go stopfainn ag ól caife – agus ag ceannacht na muifíní/brioscaí/agus araile a bhíonn leagtha amach go mealltach ag cuntar an chaifé. Bhí mé ag caitheamh mo chuid airgid uilig i gcaiféanna na hOllscoile ag ceannacht mugaí milse mocha agus cheap mé go raibh sé thar am agam stopadh. Ní haon áibhéil é a rá go mba chustaiméir rialta mé i gCaifé na Gaeilge (ar son na cúise, dar ndóigh) — bhí mo chuid ama roinnte go maith agam idir sin agus beár na hollscoile.
Ba mhinic a shiúlainn isteach i mo rang Fraincise go ciúin ar maidin, is mé cúpla nóiméad mall, muigín glas so-aitheanta an chaifé béal dorais i mo lámh agam agus mo chloigeann fúm agam le súil is nach ndéarfadh an léachtóir tada.
D’aithneofaí go maith orm go raibh mé th’éis an rogha a dhéanamh fanacht sa scuaine le shot caiféine a fháil seachas a bheith sa rang in am, ach bhíodh mé ag fáil bus a 424 go Gaillimh ag a leathuair th’éis a seacht chuile mhaidin. Bhí sé tuillte agam!
Ach tháinig athrú air sin uilig ar Chéadaoin an Luaithrigh nuair a chaith mé uilig in aer é. Ní bhíodh aon mhuga in-athúsáidte ag gabháil thart orm, ná leithscéal ar bith le bheith mall. Is oth liom a rá nár chiallaigh sé sin go mbeinn i gcónaí in am ach sin scéal eile. Mór an mhaith gur chaith mé in aer é freisin, shábháil mé mo chuid pingineacha a bhí ag teastáil go géar uaim agus mé i mo chónaí sa mbaile. Tá meaisín beag anois agam le cúr ar chur ar bhainne, agus déanfaidh mé barista maith fós. B’fhéidir le barr ar chur ar rudaí go bhfoghlaimeoinn cúpla cleas le healaín chaife a dhéanamh.
Rith sé liom inniu, agus is bocht an scéal é, go bhfuil an méid céanna ama caite agam ar ollscoil ar líne is atá agam ar campas. Tá aiféala anois orm gur dhiúltaigh mé cupán caife ar bith. Mar sin ní bheidh mé ag déanamh an Charghais ar thada i mbliana. Beidh cairde liom á dhéanamh ar rudaí éagsúla, agus fair plé dóibh, ach tá ceacht foghlamtha agamsa ón mbliain seo caite. Taitneamh a bhaint as an méid atá ar fáil duit, mar sin ólfaidh mé an chaife agus úsáidfidh mé na giuirléidí caife éagsúla atá bailithe agam le bliain, ach dá n-osclófaí caifé amárach, ní chuirfeadh Covid ná carghas stop liom.