Tháinig lá na sláinte meabhrach ag tús na míosa seo agus d’imigh sé arís. Bhí rudaí feicthe agam ar na meáin shóisialta faoin meabhairshláinte an lá sin, daoine ag roinnt a scéalta agus ag spreagadh daoine eile le labhairt faoina bhfadhbanna meabhairshláinte féin. Bhí sé deas scéal nó dhó a léamh ar an lá sin ach mhothaigh mé go raibh mé ag déanamh iarrachta na meáin a sheachaint faoi lár an lae mar gheall nach raibh uaim ach neamhaird a thabhairt ar mo chuid fadhbanna féin. Ní raibh mé ach ag iarraidh rudaí amaideacha a fheiceáil, mar a bhíonn muid ag dúil leis ar gnáthlá ar Facebook, Twitter, Instagram nó cibé nimh a roghnaíonn tú féin.
Bhí drocham agam ag deireadh an tsamhraidh agus ba bheag nár thit mé as a chéile. Tá rudaí níos fearr anois agus tá mé féin níos fearr mar gheall ar rud a tharla. Bhí mé i liombó de chineál éigin nuair nach raibh a fhios agam féin fiú cad é mar a bhí ag éirí liom, gan trácht ar dhaoine eile. Ach ansin tháinig mé go Gaillimh agus chuir mé mo shaol ar ais le chéile arís. Le cuidiú mo chairde iontacha agus comhairleoir iontach tá mé ag éirí níos fearr agus níos sásta de réir a chéile, ach bím i gcónaí buartha go dtitfidh mé isteach sa pholl dubh dorcha sin arís.
Cé nach iontach an rud é a bheith i gcónaí buartha go rachaidh rudaí in olcas, rud maith atá ann go bhfuil mé ag coinneal súil ar an ghalar dubh agus ar mo mheabhairshláinte féin agus tá seans níos lú ann go rachaidh rudaí in olcas — nó tá súil agam cibé ar bith.
Mar a dúirt mé, tá comhairleoir iontach agam i nGaillimh agus cé go bhfuil sé daor go leor, is fiú go mór é agus is infheistíocht atá ann, dar liomsa. Bíonn sé i gcónaí deacair dul chuig comhairleoir ar dtús mar gheall go gcaithfidh cúrsaí dul in olcas sula n-éireoidh siad níos fearr. Tá sé furasta a bheith ag smaoineamh go bhfuil rudaí níos measa ná mar a shíl tú a bheith agus mar sin féin nach bhfuil seans ar bith go n-éireoidh tú níos fearr — ach éireoidh. De réir a chéile a tharlaíonn sé, ach éiríonn rudaí níos fearr agus éiríonn tú féin níos láidre.
Sin é atá ag tarlú domsa anois. Bhí cúrsaí uafásach ar feadh tamall, ansin bhí siad ceart go leor agus anois tá rudaí actually go maith. Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh ar an chéad bhliain den ollscoil anseo i nGaillimh agus ar an chéad rud a scríobh mé do NÓS agus is féidir liom a rá go bhfuil mé bródúil as an mhéid atá déanta agam agus an oiread dul chun cinn atá déanta agam ón am sin chomh maith. Nuair a scríobh mé an chéad alt sin, níor shíl mé go mbeinn riamh chomh sásta is mar atá anois ná go mbeadh an oiread seo bainte amach agam.
Ach tá mé go fóill buartha go sleamhnóidh mé isteach sa dorchadas arís. Is minic a théann rudaí in olcas thart ar an am seo den bhliain mar gheall go bhfuil sé níos dorcha, níos fliucha agus nach féidir an oiread céanna ama a chaitheamh taobh amuigh. Go dtí seo i mbliana, áfach, tá rudaí ag dul go maith agus mar sin féin, bheartaigh mé go mbeadh ceiliúradh beag agam an tseachtain seo. Tógfaidh mé lá liom féin ag an deireadh seachtaine gur féidir liom a bheith ag léamh agus ag fuáil agus go dtabharfaidh mé sos beag dom féin ón strus agus brú bhliain na céime. Seans go snámhfaidh mé san fharraige fiú!
Mothaím gur minic a bhím ag caint faoi mo chuid fadhbanna meabhairshláinte agus bím buartha go mbeifear dubh dóite den mhéid a labhraím faoi. Ach ag an am céanna is cuid iontach tábhachtach de mo shaol é agus ní bheinn in ann léargas ceart a thabhairt ar mo shaolsa ná ar shaol na mac léinn gan a bheith ag caint faoi. Tá súil agam go mbeidh níos mó dea-scéalta cosúil leis seo le roinnt agam libh amach anseo ach beidh le feiceáil is dócha!