Déagóirí – An bhfuil an saol róchrua orthu?

Ina cholún is déanaí ar Cormac @ 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, amharcann Ciarán Dunbar ar chontúirtí an idirlín agus ar sciúirse an fhéinmharaithe i measc daoine óga.


Ar an drochuair, ní gá dom mórán machnaimh a dhéanamh maidir le hábhar colúin – tig an t-ábhar chugam go minic mar thragóid nach féidir a sheachaint.

An tseachtain seo léiríodh contúirt an idirlín agus uafás an fhéinmharaithe in aon eachtra amháin: bás brónach Ronan Hughes.

Ba as Oileán an Ghuail i gContae Thír Eoghain é Ronan agus d’imir sé peil do Chumann Lúthchleas Gael Ó Rathaille Chluain Eo.

Cha raibh ach 17 bliain ag an chúl báire óg nuair a fuair sé bás Dé hAoine 5 Meitheamh.

Tuigtear gur chuir sé lámh ina bhás féin in éis gur imríodh cleas air agus gur roinn sé íomhánna de féin ar láithreán líonraithe shóisialta.

Tá na cúinsí á bhfiosrú ag an PSNI agus tuigtear gur as an Nigéir iad siúd a bhí dá chrá.

Tá a thuismitheoirí ag cáineadh an PSNI, ag rá nár fhiosraigh siad an cás tapaidh go leor.

Dúirt Ronan lena athair ar a mbealach abhaile ó stáisiún na bpéas; “rinne mé féinmharú sóisialta orm féin.”

Dúirt an sagart ag an tórramh gur thángthas i dtír air.

Dúirt an tAthair Benny Fee nár chuir Ronan lámh ina bhás féin ach gur baineadh a shaol uaidh.

“Áit éigin ar an domhan seo,” a lean sé, “tá fear, bean nó drong ann atá ciontach as coir ghráiniúil.”

Tá comhairle tugtha ag an PSNI in athuair go gcaithfidh daoine óga a bheith cúramach agus iad ar líne.

Tuigtear gur chuir Ronan in iúl dá thuismitheoirí agus don PSNI cad é a bhí tar éis titim amach dó.

Creideann a phríomhoide scoile go raibh dúmhál á dhéanamh ar an stócach bhocht.

Níl a fhios agam beo cad é a bhí i gceist leis na pictiúir sin agus is cuma liom, agus is cuma le duine ar bith.

Tá oideachas de dhíth – sin a deir na saineolaithe, ní amháin ar dhaoine óga ach ar a dtuismitheoirí agus ar a múinteoirí.

Má tá muid ionraic áfach, beidh sé sin iontach deacair.

Mar cé go bhfuil daoine áirithe ann atá géarchúiseach ó thaobh an tsaoil ar líne – agus sin an rud atá ann, saol – tá go leor múinteoirí agus tuismitheoirí nach bhfuil.

Is féidir le coirpigh teacht isteach inár dtithe gan an doras a bhriseadh.

Is féidir le maistín tromaíocht a dhéanamh ar ár bpáistí ina seomraí codlata i ngan fhios dúinn féin, áit a raibh tearmainn le fáil lá den tsaol.

Ach níl an teicneolaíocht seo ag dul áit ar bith, cha dtig linn an ghinid seo a chur ar ais sa bhosca.

Tá sé ann, beidh sé ann agus éireoidh sé idir níos fearr AGUS níos measa amach anseo le tionchar níos doimhne a imirt ar ár saol.

Áit chontúirteach é an t-idirlíon ach scil saoil a bheas riachtanach a bheith againn i gcónaí amach anseo, chomh tábhachtach céanna le fios a bheith againn cén chaoi plé le duine éigin as ár gcomhair amach – rud atá deacair go leor ann féin.

Is í an chomhairle is mó ná – ná cuir a dhath suas ar líne atá príobháideach mar níl a dhath príobháideach atá i bhfoirm leictreonach, glac leat go bhfeicfidh an domhan iomlán é.

idirlion-ceangailte

Tá an PSNI ag tabhairt comhairle do thuismitheoirí iarraidh ar pháistí s’acu a thaispeáint dóibh cad é atá ar bun acu ar líne.

Ach tá siad ag tabhairt comhairle gan iarracht a dhéanamh cosc a chur air – mar ní dhéanfadh sé sin aon mhaith mar choinneodh an duine óg é ina rún sa chás sin.

Seo comhairle an PSNI:

Ná roinn rud ar bith ar líne le daoine nach bhfuil aithne agat orthu.
Ná glac daoine nach bhfuil aithne agat orthu mar ‘chairde.’
Bí cinnte go bhfuil socruithe príobháideachais i bhfeidhm ar gach gléas atá agat.
Ná postáil rud ar bith nach bhfuil tú sásta go roinnfear.
– Má tharlaíonn rud ar bith a rinne míchompordach thú ar líne, abair le duine éigin a bhfuil muinín agat astu.


Is é an t-ábhar buairimh eile a thug an bás uafásach seo chun solais ná féinmharú, sciúirse nach mbíonn i bhfad ó bhéal an phobail.

Bhí 303 bás féinmharaithe sa Tuaisceart i 2013.

Fir a bhí i gceist níos mó ná ¾ den am (faigheann níos mó fear bás sa dóigh seo ná mar a chailltear i dtimpistí bóthair).

Ba idir na haoiseanna 25 agus 34 a bhí sé níos coitianta.

Chuir 554 duine lámh ina mbás féin sa Phoblacht i 2011.

Bhí 83% acu sin ina bhfir.

Tá an ráta féinmharaithe i measc cailíní sna déaga níos airde ná mar atá sé in aon bhallstát eile sna AE – tá an ráta i measc stócaigh sna déaga ar an dara ráta is airde.

Ar fud na hEorpa, tá an ráta i measc na bhfear idir 15-18 beagnach 3 oiread níos airde ná mar atá sé do na cailíní.

Tá fadhb againn is léir agus tá fadhb ar leith againn lenár mbuachaillí.

Tá i bhfad níos mó le déanamh againn mar shochaí ar an cheist phráinneach seo.


Monuar, ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg.

Déanann daoine óga agus déagóirí go háirithe botúin, agus déanfaidh go deo.

Titear domsa gur deacair an saol a bhíonn acu, lán contúirtí agus cathuithe.

Alcól (a bhfuil baint nach beag aige le féindochar i measc déagóirí níos sine go háirithe), gnéas agus an brú a bhaineann leis, pornagrafaíocht, tromaíocht, brú scrúduithe.

Drugaí – bítear ag caint ar phiarbhrú chun drugaí a úsáid ach ní thuigeann daoine gur gráin atá i gceist leis sin mar is bagairt don na daoine eile an té nach nglacfaidh an piollaire sin.

Easpa cairde, uaigneas, spotaí, grá agus grá leatromach, spochadh, náire… agus anois an t-idirlíon ag cur leo ar fad.

Tá mé ag cur na gceisteanna orm féin, an bhfuil an saol róchrua ar dhéagóirí? An bhfuil an tsochaí róchrua ar fhir óga?

Chuirfeadh sé scanradh orm smaoineamh faoina bheith 17 arís agus títear dom go bhfuil sé ag éirí níos deacra – go háirithe do na buachaillí cé go bhfuil a fhios agam go maith go mbíonn sé chomh crua céanna do na cailíní minic go leor.

Suaimhneas síoraí ar Ronan Hughes.

Go bhfoghlaímis uaidh seo más féidir linn.

SCÉALTA EILE