Déan Féin É: Fleasc an Fhómhair

Tá an fómhar buailte linn anois; an t-aer ag eirí níos úire, na laethanta ag eirí níos giorra agus dath an óir ar na duilleoga. Ach ní gá dul amach faoin aer le spiorad an fhómhair a bhrath. Is féidir linn rudaí beaga a dhéanamh taobh istigh chomh maith chun cosúlachtaí an fhómhair a tharraingt isteach agus an teach a dhéanamh níos teolaí agus níos cluthaire.

Agus muid ar tí ár ngoradh a dhéanamh ag an tine arís nach mbeadh sé deas roinnt comharthaí aitheantais don fhómhar a úsáid mar mhaisiúcháin inár dteach? Sin an smaoineamh a bhí agam le déanaí nuair a bhuail mé isteach sa choill ag cuardach caora péine. 

Dá rachfá ag tóraíocht caora péine ní chreidfeá an méid acu atá le fáil ann. Cinnte, is féidir iad a cheannach ar an idirlíon agus níl siad costasach i ndáiríre ach tá i bhfad níos mó sásaimh le baint as iad a sheilg faoin aer úr agus a réiteach le haghaidh ceardaíochta tú féin. 

An príomhrud a thug mé faoi deara agus mé ar thóir caora péine ná go bhfuil cuma shuarach orthu amuigh sa choill. Bhí mé ag súil le cinn mhóra a aimsiú ach tar éis dom mo chuid taighde a dhéanamh d’fhoghlaim mé go ndúntar iad de bharr taise agus mar sin níor chóir dom a bheith ag súil le cinn mhóra leathana a aimsiú sa choill le linn an fhómhair agus iad ag cur suas leis an aimsir. Bhailigh mé gabháil mhór ó thalamh na coille agus thóg mé abhaile iad liom. 

Sula ndéanfaí aon rud leo tá ullmhúcháin ag teastáil:

An chéad chéim le hiad a réiteach ná iad uilig a chur ar maos in uisce te agus fínéagar. Baineann an t-uisce te agus an fínéagar aon mhíolta, sú agus caonach liath de na caora péine. Fág san uisce iad ar feadh 30 nóiméad nó mar sin. Nuair a chuirtear ar maos in uisce iad dúntar iad go hiomlán. Mar sin, nuair a thógtar amach as an uisce iad bíonn cuma chaol, iata orthu ach na bí buartha.  Tá sé sin breá normálta nuair a ligtear an t-uisce chucu. Tóg amach as an uisce agus fág thar oíche iad ar pháipéar nuachta.

Beidh siad réidh le triomú san oigheann anois. Leag na caora péine uilig amach ar phárpháipéar ar thráidire bácála agus cuir san oigheann iad ar feadh tríocha nóiméid nó mar sin ag 200°C. Bí cinnte go bhfaigheann gach ceann acu a dhóthain teasa agus go mbogtar iad ó am go chéile. Coimeád súil orthu le linn an ama seo le cinntiú nach rachaidh siad trí thine.

Nuair a bheidh siad uilig tirim beidh cuma leathan, oscailte orthu. Beidh snas deas orthu chomh maith i ndiaidh d’aon sú a bhí fágtha iontu a bheith leáite anois, agus beidh boladh breá adhmad timpeall an tí.

Is féidir leat iad a spraephéinteáil i ndiaidh dóibh fuarú, pé dath atá ag teastáil uait. Bhí spraephéint ór, chopair agus bhán fágtha agam agus mar sin d’úsáid mé na dathanna sin chun éagsúlacht a chur leo ag brath ar an séasúr ina mbeidís in úsáid agam.

Bhí sé ar intinn agam fleasc fómhair a dhéanamh leis na caora péine agus mar sin shochraigh mé oráistí a thriomú chun dul leo. Bhí sé seo thar a bheith éasca. Ní gá duit ach na horáistí a ghearradh ina slisíní ceintiméadair agus iad a leagadh amach ar raca sreinge le cinntiú go bhfaigheadh an dá thaobh an teas. Cuir san oigheann iad ar 120°C le cinntiú nach dófar iad ach fág san oigheann iad ar feadh trí huaire an chloig. 

Rinne mé an fleasc fómhair ansin le mo chaora péine agus mo chuid oráistí agus gan aon airgead caite agam orthu. Sin iad na leideanna simplí atá agam chun mothú an fhómhair a chothú i do theachsa. Tá súil agam go mbainfidh sibh triail, tairbhe agus taitneamh astu. 

SCÉALTA EILE