Is maith linne Gaeil (Gaeil na Gaeltachta ach go háirithe) a bheith ag tabhairt amach faoin mbéarlachas.
“Tá an oiread béarlachais á bhrú isteach sa teanga,” a deir muid “nach mbeidh sa nGaeilge ach canúint den Bhéarla gan mhoill”.
Anois aontaím leis sin agus, mar a thaispeáin alt a bhí ar an suíomh seo seachtain nó dhó ó shin, ní hí an Ghaeilge an t-aon teanga ná ní hiad Gaeilgeoirí an t-aon ghrúpa atá á chaoineadh seo. Ach is féidir a ghabháil rófhada chun an taoibh sin freisin.
An túisce a déarfá ‘teilifíseán’ nó ‘fad (tele-) radharcán (vision)’? Ní cheapfainn go nglacfadh an Gaeilgeoir is coimeádaí leis an gceann sin gan trácht ar an gcuid eile againn. Is é an áit a mbeadh fadhb agamsa ná nuair thosaítear ag rá focal éicint, nach bhfuil ann ach focal béarla scríofa nó ráite I ‘gcanúint Ghaeilge’ nuair atá focal ann cheana féin sa nGaeilge.
Mar shampla déanann mé iarracht ‘rothar’ a rá seachas ‘badhsacal’ (tuairim chonspóideach san áit ina bhfuil mé i mo chónaí) agus ceann eile, a dúradh liom atá ina fhocal Gaeilge le fada ach fós féin a chuireann múisc orm, ná “dainséar”.
I gConamara ar a laghad (níl a fhios agam faoin gcuid eile den tír) tá an focal “contúirt” againn. Bíonn rud contúirteach thart anseo, ní bhíonn sé dainséarach. Mar a dúirt mé, d’inis duine éicint dom go bhfuil an focal dainséar sa gcaint le fada riamh an lá (níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor nó bréagach ach sin é a chuala mé) ach fós féin airíonn sé aisteach domsa a bheith á rá.
Mar sin tuigeann tú (tá súil agam) cá’il m’intinn maidir leis an gceist seo sula n-inseoidh mé mo scéal duit. Focla nua; is fearr a fheileann cuid den ‘bhéarlachas’ ná mar a d’fheilfeadh aistriú díreach ar mhíniú an fhocail, ach más féidir aistriú sásúil nádúrthach a fháil is fearr sin uilig uilig.
Anois, faoi dheireadh thiar thall, bhí mé ag éisteacht leis an raidió an lá cheana (nó bhí mama ag éisteacht leis agus é casta chomh hard sin aici nach bhféadfainn neamhaird a dhéanamh air) agus mar a bhíonn go minic bhí siad ag caint ar airgead ag gabháil anonn is anall agus luachanna chomh mór agus nach bhfuil ciall ar bith leo i ndáiríre. Nach aisteach nach isteach i mo chuntas-sa a bhíonn an t-airgead ag gabháil riamh).
Ach cibé cé mhéad a bhí ann críochnaíodh an abairt le “… v-illiún euro”. Agus bhí mé ag iarradh a bheith ag oibriú amach ab in milliún nó billiún.
Siod fadhb le foghraíocht na Gaeilge nár tugadh faoi deara, is dóigh, nuair a tháinig na focla isteach sa teanga an chéad lá riamh. Tá difríocht mhór idir sé mhilliún agus sé bhilliún; agus tá an fhadhb chéanna ann nuair a théann tú ar aghaidh go dtí seacht milliún agus seacht mbilliún. Mura bhfuil sé scríofa amach os do chomhair ní féidir difríocht a aithneachtáil eatarthu.
Is ón bhFraincis (de réir Dr. Google) a thagann sé seo. Tagann ‘billion’ ó ‘bi-‘ a chiallaíonn ‘dó’ nó ‘faoi dhó’ agus ‘million’ a chiallaíonn ‘míle míle’. Ciallaíonn ‘billion’ ‘million i gcumhacht a dó’ nó 1,000,0002 (Sin (106 )2 = 1012 nó an uimhir ‘1’ roimh 12 neamhní daoibhse a dtaitníonn mata libh) mar sin é an bhrí a bhí le billion sa seanchóras agus tá sé fós amhlaidh i go leor tíortha nach labhraítear an Béarla iontu.
Ach is í an chiall atá ag matamaiticeoirí air sa lá atá inniu ann ná 109 nó ‘1’ roimh naoi neamhní — nó míle milliún.
Mar sin tá an focal sa lá atá inniu ann i mBéarla mícheart. Cén fáth nach n-athríonn muid é inár dteanga féin? Ach céard a d’úsáidfeadh muid? Sin í an cheist. Dé-mhilliún? Ní airíonn sé sin ceart domsa i ndáiríre. Má tá aon smaoineamh agat féin bheadh ‘suim’ agam é a chloisteáil.