Dínit na mban

Ag gach bean a scéal féin.

Níos mó ná scéal amháin, go minic.

Cuireann an scéal faoin ngrúpa mac léinn i gColáiste na hOllscoile BÁC, a roinn íomhánna ar Facebook de mhná i mbun gníomhartha gnéasacha, múisc orm.

Múisc, ach ní ionadh.

Ag fás aníos, le linn laethanta forbartha m’óige, dúradh liom gan dul amach ag siúl sa dorchadas, gan mé féin a ghléasadh mar ba mhaith liom, ar eagla go bhfaigheadh fir ar chomhaois liom an “wrong idea”.

Moladh dom gan an iomarca a ól ar fhaitíos nach mbeinn in ann mé féin a chosaint.

Moladh dom gan suí isteach i dtacsaí liom féin.

Gan. Gan. Gan.

Seo treoracha a mhúnlaigh m’eispéireas mar bhean agus mar dhuine.

Shlog mé siar iad, gan cheist.

Níor cheistigh mé an raibh tuismitheoirí fhir óga ag rá leosan gan lámh a leagan ar bhean mura raibh sí compordach leis, gan mná a leanúint thart go bagrach, gan racht feirge a scaoileadh nuair a dhiúltaigh bean a mianta a shásamh ar an bpointe boise.

Arbh ann don ‘gan’ do na fir óga siúd?

Ach tá mé á gceistiú anois.

Ceistím an náire a bhraithim nuair a chuimhním siar ar na rudaí a tharla domsa, eachtraí nach raibh mise compordach leo.

Ceistím an nós atá cothaithe agam iad a chur i bhfolach ag cúl mo chinn, áit nach dtugaim cuairt orthu.

Ceistím mé féin.

Ceistím an bhfuil an náire chéanna le brath ag an té a rinne neamhaird domsa nuair a rinne mé iarracht éalú uathu.

Ceistím an magadh a rinneadh fúmsa nuair a d’iarr mé ar dhuine gan lámh a chur ar mo chíoch, mo chos, mo thóin na céadta uair i bpubanna, i gclubanna oíche ar fud na tíre seo.

Ceistím an milleán a chuirtear ar mhná nuair a tharlaíonn eachtraí den chineál seo dóibh, mar go raibh an sciorta sin ‘róghearr’ nó an barr sin ‘ró-íseal’.

Ceistím.

Maireann muid i saol ní amháin atá faoi thionchar earnáil na pornagrafaíochta, ach is cuid den earnáil anois muid.

Bhí ar Playboy a phort a athrú agus grianghraif de mhná lom-nochta a bhaint mar nach dtugtar aird orthu.

Níl na grianghraif sin a bhíodh conspóideach agus a chuirtí ar an tseilf uachtair, níl siad gáirsiúil go leor dúinn, tá siad normalaithe.

Anois, tá impleachtaí na hearnála seo caite go lom os ár gcomhair leis an scéal faoin 200 mac léinn in UCD a roinn íomhánna nochta de mhná ar chodail siad leo.

Ba characatúr antoisceach í an bhean seo dóibh siúd a ghlac páirt ina díbirt.

revenge

Ar aithin duine amháin as an 200 gur duine í?

Ar aithin duine amháin as an 200 go raibh croí agus anam aici?

Ar aithin siad go raibh dínit an duine seo scriosta ar mhaithe lena siamsaíocht?

Ná déanaimis dearmad ar Monica Lewinsky, a aithnítear gurb í an chéad duine í a náiríodh go poiblí thar oíche in 1998. (Is fiú cluas a thabhairt dá caint TED ar an ábhar anseo.)

Ó shin i leith, tá na mílte mílte ban agus fear tar éis an phian chéanna a fhulaingt ar na cúinsí céanna.

Cuid mhaith acu nach dtagann as an náire, a chuireann lámh ina mbás féin, nó má thagann siad as, tá díobháil dhothomhaiste déanta dóibh agus dá m(h)uintir.

Tá sé in am againn aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ollmhór atá ag creimeadh dhínit agus thaise na n-óg.

Scríobh Uachtarán Aontas na Mac Léinn, i gColáiste na Tríonóide, Lynn Ruane faoina taithí féin le gnéas agus le heachtraí gnéis neamhthoilteanaí an tseachtain seo caite san Irish Times agus luann sí san alt go mbeidh ceardlanna toilithe éigeantach do lucht na chéad bhliana san ollscoil as seo amach.

Tá súil agam go dtabharfaidh na ceardlanna seo deis d’fhir agus do mhná a nguthanna a ardú agus muinín a chothú iontu féin agus cuid de na nósanna sóisialta atá foghlamtha acu a cheistiú.

Coinneoidh mé orm ag cur ceisteanna: neosfaidh an aimsir.

SCÉALTA EILE