‘Éad orm go raibh mo chairde in áit nach raibh mise le dhá bhliain – Silent Disco an Róisín!’

Tá mé ar ais in Toulouse, tá seachtain na scrúduithe thart agus tá an chéad tseachtain den seimeastar caite. Nach aoibhinn beatha an scoláire. 

Níl mé cinnte fós cé na ranganna a bheas á dtógáil – tá mé fós ag máinneáil thart ag dul ó léacht go léacht go bhfeice mé cén chuma atá orthu. Ceanna litríochta is mó a bheas á dtógáil agam cheapfainn, ach is litríocht na Fraince sa meánaois is mó atá ar fáil. 

Cuid de na ranganna céanna ní raibh mé suite iontu cúig nóiméad sular thuig mé nach raibh seans dá laghad ann go gcoinneoinn leo – léacht staire mar shampla faoi na Ceiltigh san Iarannaois nuair a thaispeáin an léachtóir póstaeir de phub “The Saint Patrick” agus pionta Guinness agus é ag caint faoi chultúr na gCeilteach sa lá atá inniu ann. Faraor, b’éigean dom an dá uair a chloig a sheasamh ag éisteacht le mo dhuine, agus gan tada dáiríre á rá aige. 

Agus mé ag breathnú anois ar na srianta uilig á mbaint in Éirinn, tá éad de bheagán orm le mo chairde – shilfeá go raibh chuile dhuine beo ag an silent disco sa Róisín Dubh an tseachtain seo, agus fomo ormsa, mar nach raibh mé ann le dhá bhliain! 

Ós rud é go bhfuil na srianta bainte in Éirinn, is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a insint daoibh cé na rialacha atá sa bhFrainc faoi láthair (go bhfios dom – ní bhreathnaím ar an nuacht anseo san Fhrainc agus is ag braith ar na grúpaí WhatsApp a bhíonn mé go leor de mo chuid eolais a fháil…) 

Sa mbaile a bhfuil mise ann, Toulouse, caithfear masc a chaitheamh i lár an bhaile. An chéad chúpla lá a tháinig an riail sin i bhfeidhm bhí na póilíní seasta ar faire agus ag fógairt ar dhaoine a mascanna a chur orthu. Cheap mé go mbeidís dian ar an riail sin dá bharr, ach b’in seachtain ó shin agus is léir go bhfuil sé sin caite in aer uilig anois. Caitheann daoine an masc ach is mó baint atá aige sin le cosaint a fháil ón bhfuacht ná le riail ná víreas. 

Tá na clubanna oíche uilig dúnta faoi láthair, agus na pubanna á ndúnadh níos luaichte. Ní miste liom mórán é – bhí siad oscailte don chéad sheimeastar uilig agus b’fhearr liom féin i bhfad dhul go pub nó go béar, ach ciallaíonn sé go bhfuil na pubanna uilig lán i bhfad níos luaichte agus bíonn sé deacair theacht ar bhord.

 Níl freagra ar bith air sin dar ndóigh, ach a dhul amach níos luaichte. 

Níl cead dhul ag damhsa sna beáranna ná a bheith i do sheasamh i lár an urláir, ach sin riail nach gcuirtear i bhfeidhm ar chor ar bith. 

Chuir mé ceist ar fhreastalaí taobh thiar den bhéar i gceann de na pubanna a mbíonn muid ann (ár local, mar dhea) an mbeadh tada ag athrú sa bpub nuair a tháinig na rialacha isteach.Is éard a dúirt sé liom, masc ar a smig aige, nach mbeadh cead againn damhsa. Ní raibh aon spás damhsa san áit ar aon nós agus nuair a dúirt mé sin leis, sméid sé a chloigeann agus b’in sin. Sin é an cineál dearcaidh atá ann faoi na rialacha go ginearálta. Leantar na rialacha, de bheagán, agus déantar neamhaird ar an cuid eile. Níl mise ag casaoid – áthas atá ormsa nach bhfuil aon chuirfiú ann mar a bhí acu anuraidh! 

Tá na clubanna oíche le n-oscailt arís ar an 6 Feabhra. Níl a fhios agam an gciallaíonn sé sin go bhfuil na rialacha eile á scaoileadh freisin nó an mbeifear ag súil go gcaithfidh mascanna ar na smigeannna agus muid ag damhsa. 

SCÉALTA EILE