Earraí Gaeilge ar fáil ar GoShop.irish

Tá suíomh nua siopadóireachta déanta ag Brian Ó Muirí — ón siopa Blag Beag — a bhfuil sé mar aidhm aige teacht i gcabhair ar chruthairí Éireannacha le linn na paindéime. Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Brian — ar ealaíontóir é féin — gur léir dó go raibh na daoine cruthaitheacha in Éirinn i measc na ndaoine ba mheasa as i ndiaidh na dianghlasála agus gur theastaigh uaidh cúnamh a thabhairt dóibh a n-earraí a dhíol. 

Is minic a bhíonn priontaí ealaíne, cártaí, seodra, éadaí, agus earraí eile a bhíonn á gcruthú ag na daoine seo ar díol in aontaí agus margaí ar fud na tíre, chomh maith le siopaí beaga miondíola. Láithreacha siopadóireachta iad atá dúnta de bharr na srianta a tugadh isteach le scaipeadh an víris a chosc, agus cuid acu dúnta go brách. 

“Chuir mé an suíomh seo le chéile mí o shin mar thairseach le haghaidh na ndaoine seo le go mbeidís in ann a gcuid siopaí ar líne a chur air. Níl aon chostas ar na healaíontóirí, na maisitheoirí, seodóirí agus eile, íocaimse an costas riaracháin mé féin. 

“Nuair a deirtear ‘ba bhreá liom tacú le healaíontóirí Éireannacha, cárbh fhéidir liom priontaí nó seodra a cheannach?’ is é GoShop.irish an freagra. Tá céad siopa cláraithe anois agus níos mó ag teacht chugainn gach lá,” a dúirt Brian. 

Tá a shiopa féin, Blag Beag, ag Brian, áit a ndíolann sé priontaí Gaeilge agus Gaelacha. Bhí an-tóir go deo ar an bprionta a rinne sé den fhile clúiteach Seamus Heaney níos luaithe i mbliana agus tá íomhánna de leithéidí Mhíchíl Uí Choileáin agus Peig Sayers ar fáil uaidh, chomh maith le priontaí deasa a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge. 

Tá thart ar 20 siopa eile ar an suíomh a dhíolann earraí Gaeilge, cairde NÓS Ciaraíoch agus Póilín Nic Géidigh ina measc. Is féidir éadaí Gaelacha a cheannach ó Ghaeilgeansaí nó Bean an Tees, camáin ealaíonta ó John Flynn, priontaí ó Selkies Studios agus Design Wright, agus fiú earraí bróidnithe ó BellXHun. 

Is féidir na cruthairí a bhfuil earraí Gaeilge ar díol acu a fheiceáil anseo agus iomlán na gcruthairí atá ar GoShop.irish a fheiceáil anseo. Más cruthaire as Éirinn thú a bhfuil earraí le díol agat, is féidir clárú leis an suíomh siopadóireachta anseo.

SCÉALTA EILE