Fágann Deaide an seomra le teann faitís nuair a luaitear na maisiúcháin…

Le seachtain anuas, tá mé féin agus Mama ag argóint faoi cén uair a chuirfidh muid suas na maisiúcháin. Ceapann sise gurb é a luaithe is fearr é agus tá mo dheirfiúr ar aon intinn léi. Ar an ochtú lá a chrochann muid rudaí go hiondúil, nó an deireadh seachtaine ina dhiaidh, ach tá notion éicint faighte ag Mama agus ní bheidh sí sásta go ngéillfidh muid di. 

Tá mise den tuairim gur cheart dúinn fanacht seachtain eile ar a laghad. Tá a fhios agam go maith má ghéillim dóibh gur mé féin a bheidh thíos leis. Níl Deaide, an creatúr, ag rá tada ach ag fanacht ciúin agus ag fágáil an tseomra le teann faitís chuile uair a dhéantar trácht air.

Jab mór atá sna maisiúcháin Nollag sa teach s’againne. Ní bhíonn solas ar bith lasta taobh amuigh againn, tá muid chomh fada siar ar bóthar nach bhfeicfeadh duine ná deoraí iad fiú dá mbeidís againn, ach bíonn trí chrann Nollag againn agus tá dóthain ansin domsa. 

Idir soilse an chrainn ag dul i bhfostú ina chéile agus na hargóintí áiféiseacha a bhíonn againn faoi céard a bheidh ag dul cá háit, ní bhíonn sna maisiúcháin ach crá croí agus cúis anró.

Bíonn orainn an seomra suite a chóiriú ar dtús. Jab ann féin é sin. Ansin caithfear chuile rud a thógáil anuas ón áiléar. Go hiondúil, agus an méid sin déanta againn, socraítear go bhfuil scíth saoraithe go maith againn, agus fanann na boscaí maisiúchán sa halla thuas staighre ar feadh seachtaine eile ar a laghad, ag cruinniú dusta. 

Crann mór plaisteach atá againn agus b’fhéidir go sílfeá go mbaineann sé sin ón mbrú ach bheifeá mícheart. Nuair a tharraingítear an crann as cibé poll inár cuireadh i bhfolach é, geallann Mama dom go ndéanfaidh muid uilig le chéile é agus go mbeidh muid i bhfad níos sciobtha dá bharr.

Creideann sí féin é, fiú muna gcreideann duine ar bith eile. Tá mise thar a bheith dáiríre faoin gcrann céanna, mar mura mbíonn an crann féin ceart cén chaoi a bhféadfadh rud ar bith eile a bheith ceart?

Bíonn sé ina chraic ar dtús, go dtí go dtosaíonn píosaí ag dul amú. Bíonn orainn a dhul á lorg ansin, tarringíonn muid amach chuile bhosca agus cuardaíonn muid chuile chúinne, go dtí go dtagtar air – leagtha faoi philliúr sa seomra suite. Is ag an bpointe seo a deirimse, mar a dúirt an chircín rua fadó, déanfaidh mé féin é! 

Ach tá an cath seo caillte agam. Gan tacaíocht ar bith agam ó Dheaide, ní fhéadfadh mé cur i gcoinne na beirte eile i bhfad. Is cinnte go mbeidh na boscaí maisiúchán a dtarraingt anuas sula bhfad. Agus cé gur ag clabhsán atá mé anois, tá a fhios agam go mbeidh mé féin chomh sásta le duine ar bith acu agus ceol na Nollag á bhleaisteáil againn ar fud fad an tí. 

Nuair a bheidh an crann Nollag maisithe agus coinneal i chuile fhuinneog, beidh sé in am breathnú ar scannáin Nollag (Love Actually ar bharr an liosta). Agus ar bhealach, is dóigh gur deas an rud é, go bhfuil a fhios agam ar laghad nach dtiocfaidh athrú ar an méidín sin féin i mbliana. 

SCÉALTA EILE