‘Fáilte abhaile, a Mhuireann’ – cumhacht an phobail don Ghael i gcéin

Rinne mé iarracht ceacht tábhachtach a mhúineadh do mo rang agus muid ag plé na topaice ‘Mo Theaghlach’, agus is é sin go bhfuil sé iontach tábhachtach tuiscint a fháil faoi chumhacht an phobail in Éirinn. Thaispeáin mé físeáin de shluaite bailithe istigh i dTigh Sé i gCiarraí ag baint sult as damhsa ar an sean-nós, nó an chumhacht atá sa slua ag an gCraobh Uile-Éireann i bPáirc an Chrócaigh. Bhí mé ag iarraidh léargas a thabhairt dóibh ar an gcumhacht atá ann sa phobal áitiúil agus go bhféadfá tarraingt ar an gcumhacht sin nuair a bheadh sé de dhíth ort. Agus mé lonnaithe anseo anois ar feadh thart ar dhá mhí, tá pobal nua aimsithe agam, agus iad mar theaghlach ollmhór atá sásta cúnamh a tabhairt nuair a bhíonn sé de dhíth orm. 

D’fhás mé aníos le Cumann Lúthchleas Gael mar chuid lárnach den saol, agus bhí an-suim agam bheith páirteach sa chlub áitiúil anseo in Connecticut, Hartford, chomh maith leis an bpeil Gaelach agus iomáint a chur chun cinn ar champas UConn. Thosaigh mé ag imirt camógaíochta le hAillí na mBuffairí i gcontae Loch Garman nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois, agus anois agus mé i mo chóitseálaí, bhí mé ag iarraidh an taithí sin a roinnt leis na daoine óga anseo in Hartford. 

Táim théis beagnach gach seachtain a chaitheamh ag an Irish American Home atá lonnaithe in Glastonbury ag obair le cailíní agus buachaillí idir 3 agus 13 bliana d’aois. Ní raibh ach cúigear agam a chuir suim sa chamógaíocht an chéad seachtain sin, ach anois bíonn thart ar 20 cailín óg ag imirt chuile sheachtain. 

Cuireadh fáilte is fiche romham an chéad oíche sin agus bhuail mé le hÉireannaigh agus Gael-Mheiriceánaigh, ag ól pionta Guinness agus ag roinnt scéalta. An rud is fearr liomsa faoin áit ná go bhfuil seilf mhór acu a bia Éireannach uirthi – Barry’s Tea, Club Milk, six pack of Tayto, MiWadi, Dairy Milks, má tá sé uait, seans go bhfuil sé le fáil ar an seilf sin! Mhothaigh mé go raibh mé ar ais in Chaplains ar Shráid Hawkins i mBaile Átha Cliath leis an gclub CLG i gColáiste na Tríonóide, ag caint is ag comhrá le mo chairde agus ag baint suilt as an gcomhluadar.  Dúirt mé seo le ceann de na fir as Cill Dara. “Bhuel, is é seo do bhaile anois a chara. Fáilte abhaile, a Mhuireann.”

Nuair a bhíonn tú in áit nua, bíonn sé ar fheabhas pobal láidir a aimsiú chun tacaíocht agus cairdeas a chruthú. Sin an rud a tharla domsa agus mé ag glacadh páirte sa chlub CLG Hartford. Imrím camógaíocht agus peil leis na leaids chuile sheachtain, tá cairde den scoth aimsithe agam agus bíonn chuile duine buartha nach bhfuilim ag fáil mo dhóthain bia agus ag iad ag tabhairt cuireadh dom teacht le haghaidh dinnéir. 

Tugann siad aire dá chéile, agus chabhraigh sé sin go mór liom ar dtús agus mé ag socrú isteach. Tá sé seo feicthe ag muintir CLG UConn anois, agus muid ag obair le Hartford chun an spórt a chur chun cinn in Storrs. Ní raibh mórán taithí ag an gcuid is mó acu ar an spórt na an cultúr roimhe seo, ach anois bíonn siad ag meascadh isteach le gach duine in Glastonbury, amhail is dá mbeadh siad mar chuid don phobal ar feadh na mblianta.

Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil daoine mar seo aimsithe agam agus mé anseo, agus táim ag tnúth go mór le heachtraí agus imeachtaí leo uilig as seo amach, ag imirt spóirt agus ag spalpadh Gaeilge gach lá.

Tá Muireann Nic Corcráin lonnaithe in Ollscoil Connecticut i mbliana.