Fáilte Ghaelach le cur roimh theifigh na hÚcráine ag Glór na nGael

Tá Glór na nGael agus na teaghlaigh Ghaeilge atá tar éis dídean a thabhairt do theifigh ón gcogadh san Úcráin ag obair as lámha a chéile le deiseanna an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid a thabhairt do mhuintir na hÚcráine a fhad is a bheidh siad in Éirinn.

Tá na céadta teaghlach sa tír seo tar éis daoine a d’éalaigh ón gcogaíocht in oirthear na hEorpa a thabhairt isteach ina dteach féin agus tá an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga an tí i roinnt mhaith acu. Tá Glór na nGael ag tabhairt tacaíocht do na teaghlaigh Ghaeilge sin a bhfuil Úcránaigh ag fanacht leo le linn na géarchéime.

Tá sé i gceist ag an eagraíocht teanga “roinnt deiseanna a chur ar fáil do theaghlaigh ón Úcráin an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid i slí spraoiúil, nádúrtha agus aithne níos fearr a chur ar theaghlaigh le Gaeilge” agus “fóram plé ar líne” a chur ar fáil do na teaghlaigh Ghaeilge.

“Tabharfar cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh i seisiúin rannta agus amhráin ar líne. Tabharfaidh na seisiúin seo deis do na teaghlaigh ón Úcráin blaiseadh beag den Ghaeilge a chloisteáil tríd na rannta agus amhráin agus deis do na teaghlaigh ó Éirinn roinnt rannta agus amhráin ón Úcrain a chloisteáil. Agus iad ag cur aithne ar a chéile, tá dóchas ann go gcuideoidh sé seo le na teaghlaigh Úcráiníse socrú isteach in Éirinn,” a dúirt urlabhraí de chuid Ghlór na nGael.

Tá grúpa WhatsApp bunaithe ag Glór na nGael freisin a bheidh ina “spás lárnach, tacúil trí Ghaeilge chun deis a thabhairt do na teaghlaigh dúshláin chomónta a phlé, eolas a roinnt agus dea-chleachtas a roinnt is a fhorbairt le chéile”.

“Tá roinnt de na teaghlaigh Úcránacha ag cur fúthu i gConamara agus tá cuid acu in áiteanna eile ar fud na tíre. Níl duine ar bith i nGaeltacht Dhún na nGall go fóill, ach beidh siad ag teacht. Níl ach cúpla rud teoranta atá muidinne a dhéanamh agus beidh muid ag pleanáil de réir na riachtanas. Níl a fhios ag éinne dáiríre cad iad na dúshláin a thiocfaidh chun cinn, nó cad a bheith de dhíth le tacaíocht a thabhairt do na hÚcránaigh agus do na hÉireannaigh féin. Is rud simplí é an grúpa WhatsApp a thabharfaidh deis do na teaghlaigh na dúshláin sin a phlé.

“An ról atá ag Glór na nGael ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga theaghlaigh. Tá muid ag plé le tréimhse eisceachtúil agus na teaghlaigh seo ag lonnú i gceantair Ghaeltachta. Tá muid ag iarraidh an tearmann sin a chaomhnú agus ag iarraidh go mbeidh an cultúr Gaelach sin oscailte do na teaghlaigh nua Úcránacha. Ní bheidh aon Bhéarla sna rudaí a eagraíonn muid, tá achan rud á aistriú ón nGaeilge go dtí an Úcráinis agus vice-verse. Tá muid ag iarraidh sa chéad dul síos go mothóidh na teaghlaigh as an Úcráin go bhfuil fáilte rompu in Éirinn agus go maolófar an fhulaingt. Taobh leis sin, tá muid ag iarraidh tús áite na Gaeilge a chaomhnú sa mhéid agus is féidir linn,” a dúirt Marcas Mac Ruairí, bainisteoir forbartha le Glór na nGael le NÓS.

Tá sraith póstaer agus acmhainní dátheangacha eile á cur le chéile ag Glór na nGael ar a mbeidh beannachtaí, frásaí agus téarmaí bunúsacha i nGaeilge agus san Úcráinis.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le marcas@glornangael.ie le tuilleadh eolais a fháil.

SCÉALTA EILE