Ní fada uaim anois é go mbeidh mé ag triall ar an bhFrainc, áit a mbeidh mé ar feadh bliana ar mo Erasmus. Ag freastal ar ollscoil in Toulouse a bheas mé don bhliain amach romhainn.
Tar éis bliain a chaitheamh idir thréimhsí dianghlasála agus leathoscailtí, agus cuid mhaith den am sin caite i mo theach féin agam, tá mé ag súil go mór le n-imeacht agus tabhairt faoi rud éigin nua.
Athrú mór a bheidh ann, ní bheidh aithne agam ar dhuine ná deoraí In Toulouse, mar cé go bhfuil corrdhuine as OÉG le bheith in Toulouse in éineacht liom níl aithne dhá laghad agam orthu ná níor casadh riamh orm iad. Murab ionann is mo chéad bhliain san ollscoil, nuair a chuaigh mé chuig mo chéad léacht Gaeilge agus thuig mé gur aithin mé cuid mhaith de na daoine thimpeall orm. Mar is eol dúinn uilig, tá saol na Gaeilge sách beag.
Dar ndóigh, tá cineál scáth orm roimhe seo uilig. Níl mórán tóir agam ar athruithe móra (ná athruithe beaga ach an oiread is dóigh) agus is mór an t-athrú é seo. Tá sé chomh fada ó bhí mé ag castáil ar dhaoine nua go bhfuil mé as cleachtadh agus tá meirg cinnte tagtha ar mo chuid Fraincise. Ach ní bheidh sé i bhfad sula leigheasfaidh mé é sin, ós rud é nach mbeidh an dara rogha agam!
Tá go leor de mo chairde scaipthe ar fud fad na hEorpa agus iad sa mbád ceannann céanna liom. Tá an duine is gaire acu ceithre uair an chloig uaim ar thraein – d’fhéadfá dearmad i ndáiríre cé chomh beag is atá Éirinn.
Tá sé barrúil ar bhealach – tá mé ag castáil ar chairde liom ar mhaithe le slán a fhágáil acu sula n-imím agus gan muid théis bualadh le chéile ar chor ar bith le bliain anuas. D’fhéadfadh sé fós go bhfeicinn níos minice thar sáile iad ná mar a chonaic le bliain.
Ach tá go leor rudaí le n-eagrú fós agam sula n-imím ar an gcúigiú lá, rudaí atá á gcur ar an méar fhada agam le píosa. Fiú anois agus mé á scríobh seo tá mé leath ag cuimhneamh ar liosta sin – dhá fhoirm le líonadh amach, trí ríomhphost le freagairt agus ceithre cinn eile le léamh agus mar sin de.
Chuile uair a bhainim rud de, bíonn rud eile le cur leis agus níl deireadh go deo leis. A fhad is atá mé ag déileáil leo seo, níl sé d’am agam a bheith ag déanamh imní faoi na rudaí eile, nach féidir liom tada a dhéanamh fúthu ar aon nós.
Ach mar sin féin, cé go bhfuil imní orm agus foirmeacha le líonadh amach agus málaí le pacáil, faoi cheann coicíse beidh mé sa Fhrainc. Beidh an ghrian ag scalladh anuas orm, beidh mé ag ithe pain au chocolat ar an tsráid agus beidh chuile shórt ina cheart (tá súil agam).
Beidh colún rialta ag Aifric Ní Scolaí ar NÓS ó mhí Mheán Fómhair go deireadh na bliana acadúla 2021-2022 agus í ag cur síos ar a tréimhse Erasmus in Toulouse.