‘Bliain agus lá’ a luaitear go minic sa mbéaloideas. Bhíodh tábhacht ag baint leis i ndlíthe i dtíortha éagsúla, an tír seo ina measc, freisin, agus tá mé cinnte go dtiocfaí ar shamplaí de i réimsí eile den saol.
Bhí an ‘bhliain agus lá’ go mór chun cinn i m’intinn féin an tseachtain seo. Bliain agus lá ó shin, d’éag m’athair i mo lámha in Ospidéal Uinsionn Naofa. Tuigim gurb iondúil a dhéantar an comóradh ar an dáta féin, ach luíonn an lá seo níos troime orm ná mar a luigh an lá inné.
Sna scéalta béaloidis a d’insítí dúinn agus muid óg, ba mhinic a d’fhilleadh an laoch tar éis bliain agus lá. Faraor géar, ní fhillfidh mo laoch-sa go brách. Is aisteach mar a théann rudaí mar seo i bhfeidhm orainn — níl ciall ná réasún leis an mbrón áirithe seo, ná leis an bhfaitíos sheafóideach a bhí orm roimh an lá inniu, ach tá siad ann.
Bhí taithí mhaith againn ar an mbás sa teach s’againne ó bhí mé an-óg. Ba é Dad dríodar an chrúiscín de thrí dhuine dhéag. Bíonn an maíomh agam go minic nach bhfuil mé ach trí ghlúin ón Drochshaol, agus cé gur maith liom go raibh mo dhaideo ag léamh agus ag scríobh faoin am a chuaigh an Titanic chun sáile, fágann sé sin gur éag go leor de mo ghaolta sular bhain mé féin an chéad scór amach.
Mar sin féin, níl inseacht béil ar an mbrón a bhaineann le bás tuismitheora. Bhí grá as cuimse agam do m’athair agus an grá céanna aigesean domsa. Níl aon amhras orm faoin méid sin, ó dúirt muid lena chéile chuile lá é. Go deimhin, ba é an rud deiridh a dúirt muid lena chéile. An rud is fearr faoin ngrá ná go bhfanann sé leat go deo, fiú mura bhfuil tú á iarraidh.
Beidh grá m’athar uaim, agus liom, i gcónaí. Is dóigh liom gurb é a shábhálann ón mbrón dubh mé nuair a chuimhním air. Ní théann leathlae tharam nach gcuimhním air — scaití bíonn scéal á inseacht agam faoi, amantaí eile luann duine eile liom é, amantaí buaileann custaiméir ar an doras á lorg, amantaí eile fós feicim pictiúr, léim leabhar, cloisim amhrán, bolaím boladh, abraím abairt, feicim feic, nó mothaím mothú, agus cuimhním air. Níor airigh mé uaim duine riamh chomh mór agus a airím uaim m’athair.
Níl a fhios agam an nglacfaidh mé leis riamh go bhfuil sé imithe ach cuirfidh an té a chuirfidh aithne ormsa aithne airsean ó beidh a anam i mo chroí agus a ainm ar mo bhéal go deo.
Ba mhaith liom dá mbeinn in ann alt a scríobh ar aon dul leis an alt álainn a scríobh iar-eagarthóir na hirise seo, Tomaí Ó Conghaile, nuair a chaill sé a mháthair féin, a inseoidh do dhuine eile a chaillfidh tuismitheoir go mbeidh sé ceart go leor agus go bhfillfidh an sólás in áit an dóláis. Ach ní féidir liom an t-alt sin a scríobh go fóill.
Níl uaim a rá, dáiríre, ach go n-airím uaim m’athair, go bhfuil an saol seacht n-oiread níos deacra gan é, agus gur briseadh croí beag, seafóideach, eile é nár fhill sé tar éis bliain agus lá.