Físeáin na gcat

Tá siad feicthe againn ar fad, fiú nuair nach raibh muid ag iarraidh breathnú orthu.

Na físeáin sin de chait bheaga ghleoite ag léim timpeall, ag titim de bhoird nó ag amharc isteach i lionsa an cheamara.

Tá Youtube lán dóibh – foilsíodh breis agus dhá mhilliún acu ar an suíomh le linn 2014 amháin – agus cuirtear tuilleadh leis an líon sin lá i ndiaidh lae.

Níl dúil ag gach duine againn sna cait, ach is beag duine nach gcuirfeadh físeáin ghreannmhara fúthu miongháire ar a aghaidh.

Agus anois tá an t-eolas ann a bhí uainn – tá físeáin na gcat maith don tsláinte.

Seans go bhfuil siad ann a déarfadh gur scannáin bhreallánacha iad, nó cur amú ama, ach tá taighde déanta ag Ollamh ó Ollscoil Indiana, SAM, a léiríonn a mhalairt.

Tugann an staidéar atá curtha le chéile ag Jessica Gall Myrick le fios go dtéann na físeáin seo i bhfeidhm ar dhaoine ar chúpla bealach: tugann siad níos mó fuinnimh duit; méadaíonn siad do leibhéal sásaimh; agus laghdaíonn siad imní.

Dar leis an údar gur féidir leo do chuid táirgiúlachta a mhéadú fiú.

“Fiú má bhreathnaíonn daoine ar fhíseáin na gcat agus iad ag moilleadóireacht nó nuair ba cheart dóibh bheith ag obair, ciallaíonn an dea-thoradh mothúchánach go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh siad breis oibre ina dhiaidh,” arsa Myrick.

Má bhí leithscéal uait chun breathnú ar chait san obair, tá sé agat anois… bain sult!


SCÉALTA EILE