Físeán: Ceacht Gaeilge Uladh faighte ag Conor McGregor ó chailín TG4!


Is fear lán iontas é an trodaí clúiteach Conor McGregor agus bhain sé siar de go leor daoine aréir nuair a labhair sé i nGaeilge Uladh ag ócáid mhór stíle i mBaile Átha Cliath.

Bhí gradaim VIP Style de chuid Peter Mark ar siúl san ardchathair agus i measc na n-iomaitheoirí bhí tuairisceoir aimsire TG4, Caitlín Nic Aoidh, a bhí ainmnithe sa rannóg ‘An Pearsa Nua is Faiseanta’.

Cé gur thóg Dee Devlin, atá ag siúl amach le Conor McGregor, an duais áirithe sin thapaigh Caitlín an deis labhairt as Gaeilge leis an Notorious féin.

An toradh ar an chomhrá ná gur dhúirt fear UFC “Cad é mar atá tú?” i gcanúint Dhún na nGall (is as Cloch Ceann Fhaola do Chaitlín) agus tá fianaise físe ann lena chruthú!

In éineacht le Caitlín san fhíseán bhí láithreoir eile de chuid TG4, Mairéad Ní Chuaig, agus is léir gur thaitin sé le Conor bheith mar dhalta ag na cailíní Gaelacha!

Ní hé seo an chéad nasc ar ndóigh atá ag McGregor leis an Ghaeilge mar gur labhair sé inár dteanga dhúchais ag cúpla preasócáid cheana, bhí sé ar Ghaelscoil ina óige agus is cainteoir líofa Gaeilge é an fear a spreag é dul i dtreo UFC an chéad lá riamh, Tom Egan.

An Gael a spreag McGregor

SCÉALTA EILE