Tá muid ag teacht amach as an tréimhse dianghlasála seo, don uair dheiridh tá súil agam, agus is dóigh go bhfuil deis agam súil a chaitheamh siar agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar athraigh mé féin le bliain anuas.
Sular tharla an dianghlasáil seo d’fhéadfá a rá go raibh mise i mo sheanfhear i gcló gasúir. Dá gcuirfeá ceist ar mo chuid cairde, d’inseodh siad duit gur mó a rinne an rud “ciallmhar” (cibé céard a bhí ciallmhar dar liom féin ar aon chuma) imní dom ná an méid is mó craice a d’fhéadfadh a bheith agam.
Níor ól mé go dtí go raibh mé 18 ar bhun creidimh agus mar sin bhí tréimhse caite agam ag feiceáil daoine caochta ag déanamh rudaí amaideacha agus dá bhrí sin bhí mé cineál ag iarraidh srian a choinneáil orm féin nuair a thosódh mé féin ag ól (“bí in ann é a íoc, é a ól agus é a iompar” a déarfadh Deaideo) agus ní raibh fonn orm a ghabháil amach an-mhinic mar chuir mé ina luí orm féin gur cur amú ama a bhí ann.
Chomh maith leis sin, i gcaitheamh m’óige, bliain i ndiaidh bliana ar scoil bhíodh múinteoirí seasta síoraí ag rá linn go gcaithfeadh muid marcanna maithe a fháil agus a ghabháil chuig an gcoláiste agus post maith a fháil. Anois ní drochrud é an teachtaireacht sin ach is é ann rud a bhí dearmadta acu i gcónaí ná a rá linn gan dearmad a dhéanamh beagán craice a bheith ag duine.
Ní ag fáil locht ar na múinteoirí atá mé mar tá mé cinnte go raibh siad féin a cheapadh nach ndéanfadh muid dearmad ar an gcuid sin ach mar dhuine a ghlac le treoir an té a bhí i gceannas orm an chuid is mó den am gan cheist, bhí m’intinnse dírithe ar an sprioc sin agus shíl mé gur cur amú ama a tharraingeodh m’aird ón sprioc sin a bhí sna rudaí eile.
Mar sin chuaigh mé chuig coláiste gar don bhaile le go mbeinn in ann cónaí sa mbaile agus airgead ar bith a shábháil mé ar lóistín a chur i dtreo carr a fháil dom féin. Bhí mé ag an gcoláiste le mo chéim a fháil le go bhféadfainn post a fháil agus saol compordach a mhaireachtáil ina dhiaidh sin. An rud ciallmhar!
Tá mé thar a bheith buíoch go bhfuair mé carr; tá an-saoirseacht le fáil aisti ach meastú an bhfuil mé ag gabháil d’uireasa gné mhór de shaol an choláiste agus an fhorbairt phearsanta a théann leis an gcéim sin i mo shaol?
Ar aon chuma, gar do dheireadh na scoilbhliana tógadh an saol sóisialta uainn agus go tobann bhí mé sáinnithe sa mbaile agus ní d’aon cheird é. Ní raibh na hoícheanta amuigh ann níos mó le go bhféadfainn iad a dhiúltú agus mar gheall air sin d’airigh mé uaim iad.
Go gairid ina dhiaidh sin, d’imigh mé anonn go Meiriceá. B’in í an chéad bhliain a bhí mé i measc mo chuid col ceathracha agus mé sásta ól (cé go raibh mé fós faoi aois óil Mheiriceá). Mar sin lig mé cead do mo chol ceathrar mé a iompú isteach i mo chineál “Yes Man” le go bhfeicfeadh sé go raibh beagán craice san leaid seo as Éirinn agus, cé nár ól mé roimh 18, nach mar gheall gur loser mé a bhí sé sin.
Páistiúil? B’fhéidir. Ach b’iod cinneadh mór dom. Bhí mé ag tabhairt dúshlán mo nadúir féin.
An samhradh sin scaoil mé de bheagán leis an ngreim éille a bhí agam ar chiall agus réasún agus caithfidh mé a admháil gur bhain mé taitneamh as. Ní cheapfainn go raibh a fhios ag mo chol ceathrar é ach thug seisean cúnamh dom an samhradh sin greim a fháil ar an óige.
Bhí dhá amhrán a threoraigh síos an bóthar seo mé freisin:
‘Vienna’ le Billy Joel agus ‘10 Seconds in the Saddle’ le Chris LeDoux.
San amhrán ‘Vienna’ tarlaíonn comhrá idir Billy Joel agus a athair agus deir a athair leis seachas a bheith ag déanamh in iomarca imní faoin saol tóg d’am agus bain taitneamh as d’óige mar beidh saol an duine fhásta i gcónaí ag fanacht leat.
San amhrán eile deir LeDoux “it’s better to ride even if you get thrown than to wind up just wishing you had”. Fiú mura bhfuil mé cinnte faoi rud éicint, tá mé níos fearr as á dhéanamh agus aiféala a bheith orm go ndearna mé é ná gan é a dhéanamh agus aiféala a bheith orm nach ndearna.
“I’d gladly take ten seconds in the saddle for a lifetime of watching from the stands”