Gaeil Faoi Ghlas: Tá muid beagnach ann ach an rud ceart a dhéanamh le chéile

Tá an saol bun os cionn na laethanta seo agus muid faoi dhianghlasáil. Mothaíonn sé ait uaireanta ach faoin am seo tá an-taithí agam ar chúrsaí mar atá, toisc gurb é seo an saol anois — ar feadh tamaill ar aon chaoi. Cé go bhfuil sé sin brónach, tá sé réalaíoch.

Is cuimhin liom nuair a thosaigh gach rud ag titim as a chéile i mí an Mhárta. Bhí post nua tosaithe agam agus gan mé ach coicís san oifig. Ansin bhí orainn a bheith ag obair sa bhaile agus ba dhúshlán nua amach is amach a bhí ann. Is cuimhin liom ag caoineadh is ag caoineadh mar nach raibh taithí agam ar rud ar bith a bhí ar siúl. Ní raibh taithí ag éinne ar rud ar bith a bhí ar siúl! 

Ní raibh ciall le haon rud ag an tús. Ach de réir a chéile, thosaigh cúrsaí á bhfeabhsú beagán ar feadh tamaill, agus bhí mé in ann déileáil leis. Mar sin féin, bhí mé ag ‘déiléail’ leis an obair nua seo agus mé ag déanamh mo dhíchill an méid tairbhe ab fhéidir liom a bhaint amach as. Ach ní raibh mé ag déileáil go rómhaith le m’intinn féin.

Meabhairshláinte. Frása geis do roinnt daoine, ach tá sé chomh tábhachtach sin labhairt fúithi, go háirithe anois. Cuireadh isteach ar mo mheabhairshláinte le linn an am seo. Sa chéad dianghlasáil, ní raibh mé ag iarraidh labhairt le duine ar bith. D’fhan mé liom féin i mo seomra leapa ag obair nó ag féachaint ar an RTÉ Player agus All 4, ag iarraidh breathnú siar ar sheanchláracha a chaill mé nuair a céadchraoladh iad. 

Bhí sé ró-deacair ‘rudaí nua’ a dhéanamh cosúil le gach éinne eile ar líne. Ní raibh spreac dá laghad ionam. Cé gur raibh mé ‘ceart go leor’ agus muiníneach ar Zoom, bhí sé soiléir dom féin go raibh an dianghlasáil seo tar éis dochar a dhéanamh dom.

D’ordaigh mé an méid sin béilí tabhairt leat, mar gurbh é sin an t-aon rud a chuir sceitimíní orm. Agus sea, chuir mé meáchan orm féin. Stop mé ag dul ar shiúlóidí — ní raibh fonn orm a thuilleadh. D’éirigh mé bréan do mo thuismitheoirí sa bhaile agus d’airigh mé uaim mo bhuachaill agus mo chairde. Bhí an obair an t-aon rud a bhí do mo choinneáil stuama.

Tháinig na méid sin fadhbanna sóisialta chun solais le linn na bliana seo, cosúil le #BLM agus #ENDSARS. Mar dhuine dubh de chúlra Nigéarach bhí an t-am seo go hainnis do mo leithéidse. An oiread sin cainte ar líne agus sna meáin. Bhíomar sáinnithe leis an drochnuacht seo chomh maith leis an gcoróinvíreas. Bhí mé ag dul as mo mheabhair! Agus bhí mé ag fáil an oiread sin iarratas labhairt faoi na topaicí seo cé go raibh mé éadóchasach fúthu

Nuair maolaíodh na srianta, mhothaigh mé níos fearr. Bhí mé in ann mo bhuachaill agus mo chairde a fheiceáil arís, cé go raibh sé deacair an scaradh sóisialta a dhéanamh ag an tús, bhí sé thar a bheith deas iad a fheiceáil. 

Níor éirigh liom gach éinne a bhí mé in ainm is a bheith ag bualadh leo a fheiceáil roimh an dara dianghlasáil, mar go raibh eagla orm a bheith timpeall ar an iomarca daoine. Ach ansin nuair a tugadh an dara dianghlasáil isteach, bhí aiféala orm nach bhfaca mé iad. 

Mhothaigh mé níos fearr i rith an dara dianghlasáil ag an tús, bhí mé do mo choinneáil féin gnóthach ach ansin rith sé liom arís go rabhamar faoi dhianghlasáil agus rudaí teoranta arís eile agus bhí frustrachas arís orm. Tá frustrachas orm fós. Tá rudaí seacht n-uaire níos deacra. Ach déanaim iarracht an misneach choinneáil 

Níl sé éasca leis an scaradh sóisialta agus na maisc, is rud nua é don tsochaí agus don domhan uilig. Is daoine daonna muid ag deireadh an lae agus uaireanta déanaimid dearmad nó botún faoi na rialacha diana seo. An príomhrud ná a bheith cineálta le daoine eile agus cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine má bhíonn fhadhb acu. Táimid beagnach ann, agus beidh an tromluí seo thart i gceann tamaill má dhéanaimid an rud ceart le chéile.

SCÉALTA EILE