Rud éagsúil ar fad is ea dianghlasáil 2.0. Ag dul isteach sa chéad cheann mí an Mhárta, bhí easpa eolais againn ar cad go díreach a bheadh a teastáilt uainn. Bhí rud éigint ar nós scleondair ag baint leis, dar liom. Ar nós páiste le seachtain sneachta ag síneadh amach roimhe. ‘Géarchéim ár linne’ a chualathas ar bhéal na ndaoine. Ceisteanna gan fhreagairt. Víreas gan vacsaín. Teorann ar thaisteal. Bac ar an airneán. Go tobann bhíomar ar fad scartha óna chéile agus ní raibh mórán scleondair ar fáil ar chor ar bith.
Nuair a fógraíodh an dianghlasáil sin bhí mise i measc go leor Gael a bhí i lár léirithe mar chuid de Ghaillimh 2020 (géarchéim eile nach dtráchtfar anois uirthi). Bhí ‘Sruth na Teanga’ ar siúl i seanaerfort na Gaillimhe ag an am agus, nach ait an mac an saol gur san áit chéanna a déantar tástáil anois i gcomhair Covid-19. Mar chomhlacht, bhí ‘Branar – Téatar do Pháistí’ tar éis blianta oibre a chur isteach sa seó seo, agus níor chreideamar ar feadh i bhfad go mbeadh orainn na doirse a dhúnadh air roimh am.
An tseachtain dheireanach sin, ag druidim i dtreo Lá Fhéile Phádraig, ba léir go raibh faitíos ag breith greama ar dhaoine. Cé go raibh foireann iontach againn ag déanamh a ndíchill gach ní a ghlanadh agus a shláintiú, de réir a chéile, bhí drogall ar an lucht féachana rudaí a láimhseáil, agus ní haon ionadh é leis an eolas a bhí á fháilt againn ag an bpointe sin. Rinne Branar an cinneadh ‘Sruth na Teanga’ a chur ar athló, roimh an dianghlasáil oifigiúil, ag súil go n-osclófaí arís é i mbliana. Níl mar a síltear a bítear.
Agus leis an dianghlasáil sin, bhí go leor le foghlaim againn; amhráin a chabhródh le ní na lámh, conas arán sourdough a dhéanamh ó thús, ióga, agus, dár ndóigh, conas an saol oibre a choimeád ar siúl sa bhaile.
Go tobann bhí an aip áisiúil sin ‘Zoom’ in úsáid ag formhór na ndaoine idir óg agus aosta. Idir chóisirí bhreithe agus chruinnithe oibre, shílfeá nach raibh aon rogha eile ann chun dream a thabhairt le chéile ar an idirlíon. Agus chun leas a bhaint as Zoom bhí orainn na rialacha comhraic a fhoghlaim. Rudaí bunúsacha soiléire ar nós áit chiúin a aimsiú agus cluaisíní a úsáid má tá baol ann go mbeidh torann ann timpeall ort. Ach do mhicreafón a dí-bhalbhú ag tús gach seisiún? Is eispéireas nua a thóg tamall orainn go léir dul i dtaithí air.
Anois, faoi Dhianghlasáil a Dó, tá na rudaí san foghlamtha agam. Níl an aimsir chomh deas is a bhí mí Aibreáin (mar a tharlaíonn sé, thá sí gránna lá i ndiaidh lae… níos mó air sin ar ball), tá na laethanta níos giorra, níl fonn orm bácáil, tá fonn orm béicíl nuair a fhaighim cuireadh Zoom eile. Fiú an dialann a bhí á choimeád go díograiseach agam gach lá sa chéad dianghlasáil, níl suim agam inti a thuilleadh. Mar sin, cad a bhí fágtha agam, chun mo mheabhair a choimeád slán?
Spreagtha ag Blindboy, mo dheirfiúr agus cara liom sa Fhrainc agus tar éis triail a bhaint as gach rud eile, chas mé ar rud a cheapas nach dtaitneodh liom go deo na ndeor; thosnaíos ag rith. Deirtear arís agus arís eile go bhfuil an rith go maith don mheabhair. Nuair a fógraíodh an baol go mbeadh Leibhéal a 5 ag teacht isteach tháinig scaoll géar orm agus cheannaíos péire bróg reatha.
Leis an infheistíocht shuntasach san sa smaoineamh éaganta seo, bheadh orm an teoiric seo a thástáil. Agus tástáladh í.
Le cabhair podchraolta, thosnaíos ag rith. Go mall i dtosach, ag siúl agus ansan ag rith ar feadh 90 soicind gach 3 nóiméad. De réir mar a théann tú ar aghaidh méadaíonn an rith agus laghdaíonn an méad ama go mbíonn tú ag siúl. Anois, laistigh de 54 lá, arae moltar lá saor a thógaint gach tarna lá chun deis a thabhairt dod’ chorp teacht chuige féin arís, táim in ann 5k a rith.
Is fiú go mór clár a leanúint agus tú ag tosnú ar rud mar seo. Nuair atá comhairle sa chluas agat cabhraíonn sé leis na laethanta atá níos deacra ná a chéile. Luaigh mé an aimsir lofa níos luaithe, agus ní haon ionadh a bheidh ort, glacaim leis, nuair a admhaím go mbíonn sé deacair dul amach faoin mbáisteach.
Mar sin féin, éiríonn tú fliuch agus sin é, beidh cith agat i ndiaidh na haclaíochta pé scéal é, báisteach nó grian! Mar sin, leanann tú ort agus braitheann tú bródúil asat féin gur thugais faoi dhúshlán na síne, agus go raibh an lámh in uachtar agat. Ar shlí, sin é an rud is mó atá ag cabhrú le mo mheabhairshláinte, an meabhrúchán sin go dtagann dúshláin go minic agus go bhfuilimid in ann acu. Nó, ar a laghad, imeoidh siad arís. Níl san uair is dorcha ach 60 nóiméad…. a deirtear