Gaiscí na mBan

Tá na Gaeil aitheanta Caitlín Nic Aoidh, Síle Ní Bhraonáin, Bláthnaid Tracey agus úinéir Sex Siopa, Shawna Scott, i measc na mban atá ainmnithe i ngearrliostaí Ghradaim Stelller Shine, gradaim náisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar ghaiscí na mban i réimsí éagsúla den saol.

Seo an tríú bliain a bhfuil aitheantas á thabhairt d’éachtaí mhná chumasacha ár linne sna gradaim seo, atá dírithe ar mhná idir 18-35 bliain d’aois.

10 rannóg ar fad atá i gceist agus tá rogha ag an phobal vóta a chaitheamh sna catagóirí éagsúla ar son na mban is fearr, dar leo.

I mbliana tá dhá rannóg nua ann a thugann aitheantas don bhean “is mó tionchar ar líne”, an “bunaitheoir is fearr”, atá dírithe ar fhiontraí óg a thóg gnó ó bhonn.

Is deas go bhfuil ainmniúchán faighte ag Shawna Scott (thíos), an bhean taobh thiar de Sex Siopa, i gcéad bhliain na rannóige seo.

sex

Anuas ar an dá dhuais nua, bronnfar duais dheartha, aisteoireachta, scríbhneoireachta, spóirt, raidió, teilifíse agus eile.

Is i rannóg na láithreoirí atá Caitlín Nic Aoidh agus Síle Ní Bhraonáin, láithreoirí TG4, agus Bláthnaid Tracey as RTÉ luaite in éineacht le mórphearsaí na meán Béarla Angela Scanlon agus Laura Whitmore.

I measc na mban spóirt tá Katie Taylor, dornálaí, Annalise Murphy, seoltóir, Cora Standún, peileadóir Mhaigh Eo agus réalta camógaíochta Chorcaí, Aisling Thompson.

Tá Saoirse Ronan agus Ruth Negga i measc na mban is mó caill ar na gearrliostaí i mbliana, iad ainmnithe as a gcuid éachtaí ar scáileán.

Tá na vóta oscailte anseo agus beidh na duaiseanna á mbronnadh i mí na Samhna.

Gach rath ar na mná iontacha go léir!

SCÉALTA EILE