Bhí an t-ádh dearg ar dhalta Ardteiste ar an tseachtain seo caite nuair a shábháil An Garda Síochána é ó bheith mall dá chéad scrúdú.
Tháinig scéal Ian Fitzhenry chun solais nuair a labhair sé ar The John Murray Show ar RTÉ Raidió 1 faoin eachtra a bhí aige maidin Dé Luain seo caite.
Dúirt an déagóir gur fhág sé a bhaile go breá luath chun cinntiú go mbeadh sé in am dá scrúdú Béarla 1, ach nuair níor tháinig an bus, bhí sé san fhaopach.
Dúirt Ian gur chuir sé scairt ar roinnt daoine ina theaghlach ach go raibh siad ar fad ag obair nó ina luí go fóill, agus tháinig eagla an domhain air gan mhoill.
Faoi dheireadh, labhair sé lena dheartháir ar an ghuthán a dúirt go n-íocfadh sé tacsaí dó, ach faoin am a tháinig sé ní raibh fágtha ach 20 bomaite go tús an scrúdaithe.
Bhí trácht na maidine i gCathair Luimnigh go tiubh, ach a bhuíochas lena thiománaí tacsaí cliste a stop gluaisteán Garda, bhí Ian in ann coimhdire speisialta a fháil a thóg fríd an trácht go gasta é chun na scoile.
Bhain siad CBS Sráid Sexton amach díreach in am fosta, le 4 bomaite roimh thús an scrúdaithe.
Dúirt an fear óg ar aer le Murray gur éirigh go breá leis sa scrúdú, ach go mbeadh sé ag fágáil an tí i bhfad ní ba luaithe don chuid eile de na scrúduithe, ar eagla na heagla!