‘Ghlac mé leis go raibh mé ag fáil bháis’
Dialann Dháire

Tá mé ag scríobh chugaibh inniu ó Ghlaschú na hAlban agus mé ag tabhairt cuairt ar mo chara.

Chaith mé oíche Chéadaoin ar fad ag taisteal anseo agus mar sin, thit mé i mo chodladh chomh luath agus a bhuail mo thóin suíochán an eitleáin agus níor mhúscail mé arís go raibh muid leaindeáilte in Albain. Níor mhúscail mé ar chor ar bith agus muid san aer agus mar gheall air sin ní mhothaím go bhfuil mé imithe as Éirinn ar chóir ar bith. 

Mar sin féin, níl muid ach i ndiaidh dul chuig an siopa agus ar ais ach ón mhéid atá feicthe agam go dtí seo den chathair, tá sí iontach cosúil le Béal Feirste agus mothaim go bhfuil aithne mhaith agam ar an áit cheana féin. 

Tá sé beartaithe againn dul chuig an pháirc inniu agus dul ag spaisteoireacht thart ach, leis an fhírinne a rá, tá mé ag mothú iontach míchompordach le cúpla lá anuas.

Thosaigh sé Dé Luain, d’ith mé lón mór agus ansin mhothaigh mé pianta fiáine an bealach ar fad ó mo bholg síos go mo bharraicíní agus bhí orm leath uair an chloig a chaitheamh gnóthach ar an leithreas. 

Bhí chuid de mo theaghlach ar an bhóthar fada buí, má thuigeann tú leat mé, agus ghlac mise leis go raibh scuaid orm, nó the scoots, mar a deir muid i nDoire. 

Chaith mé an chuid eile den lá ag mothú trua dom féin agus mhúscail mé an lá dar gcionn ag mothú go raibh mé réidh leis agus go mbeadh achan rud i gceart. 

Tá a fhios agat caidé atá ag teacht anois, a léitheoir dhil. Ní raibh sé i gceart. 

Achan uair a d’ith mé ina dhiaidh sin, bhí mé i bpian uafásach agus greamaithe leis an leithreas. 

Ar ndóigh, is breá liomsa giota dráma agus mar gheall go mbím chomh imníoch sin i gcónaí, ghlac mé leis go raibh mé ag fáil bháis. 

Chinn mé go mbainfinn fíorshult as na laethanta saoire in Albain os rud é go mbeidh mé marbh ag mo phutóga roimh i bhfad.

Phléigh mé seo ar fad le mo chara nuair a leaindeáil mé faoi dheireadh agus d’inis sí dom gur dócha gur calcadh goile atá ann agus nach bhfuil de dhíth orm ach giota snáithín.

D’ól mé neart sú fíonchaor agus caife agus faoi dheireadh, glanadh cuid de na píopaí amach. Níl mé 100% go fóill agus sílim go mbeidh mé i bpian don chuid eile den lá ach ar a laghad níl mé ag fáil bháis níos mó.

Mar sin féin, tá mé ar mo laethanta saoire agus tháinig m’iasacht mic léinn isteach ar maidin mar sin seans go maróidh an chóisireacht mé roimh dheireadh na seachtaine.