Grá Gaelach i nGaillimh
Oíche ‘Eochair agus Glas’ do na Gaeil!


SIAMSAÍOCHT: Oíche ‘Eochair agus Glas’, The Hall i Busker Brownes, Gaillimh / Dé hAoine 17ú Aibreán @ 20:00

An bhfuil tú ar thóir an ghrá?

Ar mhaith leat bualadh le bean nó fear agus do theanga féin a úsáid leo?

Seo do sheans anois!

Tá oíche lán grá agus spraoi geallta sa Ghaillimh san oíche amárach (Dé hAoine) nuair a bheas ócáid ‘Eochair agus Glas’ á reachtáil i lár na cathrach.

Nuair a shroicheann na haíonna ar an oíche, tabharfar eochracha do mhéid áirithe daoine agus glasanna don gcuid eile.

Beidh deis ansin ag na daoine labhairt lena chéile, aithne níos fearr a chur ar a chéile agus lucht na n-eochracha ag féachaint an féidir leo na glasanna a oscailt.. cur chuige suimiúil spraíúil chun grá a aimsiú gan aon agó!

Beidh duaiseanna le buachaint ar an oíche chomh maith mar sin má tá tú san iarthar agus grá Gaelach á lorg agat, buail isteach!