Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna le hathainmniú ina ‘Ionad na bhFear Neamhscagtha atá in Aois Seirbhís Mhíleata’

Tá sé fógartha ag coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i nGaeltacht Chonamara go bhfuil an cinneadh déanta acu an t-ionad oidhreachta is staire a athainmniú ina ‘Ionad na bhFear Neamhscagtha atá in Aois Seirbhís Mhíleata’ le go mbeidh sé ag teacht níos fearr le “smaointeoireacht na linne seo”. 

Insítear scéal na nÉireannach a chuaigh thar sáile ar thóir saol níos fearr san ionad cuairteoirí a osclaíodh i gCarna in 2018. Ba é Méara Boston Marty Walsh a d’oscail an tIonad Cuimhneacháin, mac le John Walsh a d’fhág Éire in 1956 agus é ina fhear óg tráth a raibh Feachtas na Teorann faoi lán seoil agus Éireannaigh á gcur faoi chois ag Rialtas na Breataine. 

Tá roinnt mhaith taispeántas san ionad ina dtugtar léargas ar an saol deacair a bhí ag muintir na hÉireann san am a caitheadh agus na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí rompu i dtíortha nua amhail Sasana, Meiriceá, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. 

Tá litreacha, dialanna, cártaí poist, agus cáipéisí stáit le feiceáil san ionad a bhaineann le fir óga a d’fhág an tír seo le dhá chéad bliain anuas.

Tá litreacha ó fhir a d’fhág sna 1840idí agus nach raibh sásta troid in aghaidh na héagóra a bhí á himirt ag na Sasanaigh le linn an Ghorta Mhóir agus nár ghlac páirt in Éirí Amach na nÉireannach Óg in 1848; tá dialanna ann ó fhir óga a thréig an tír in 1867 agus Éirí Amach na bhFíníní ar siúl; tá cuntas ann ar fhir a d’fhág nuair a theastaigh óglaigh d’Éirí Amach na Cásca 1916; agus tá litreacha abhaile ó fhir a bhí sásta dul chomh fada le Londain le cabhrú le Robert McAlpine ach nach raibh sásta dul go Ros Muc ag cabhrú le Colm Ó Gaora in 1920. 

Chuaigh go leor de na fir a bhí in aois seirbhís mhíleata in Éirinn go dtí na tíortha sin le teacht i dtír ar na buntáistí a chuir saoránaigh na dtíortha sin ar fáil dóibh. Shiúil cuid acu ar na cosáin chéanna le muintir Springfield, mar shampla, agus d’fhreastail cuid acu ar choinní leighis le dochtúirí in Dorchester. 

Ar na hathruithe eile atá le déanamh ar an ionad, tá comharthaíocht dhátheangach le crochadh os cionn an dorais agus ar na taispeántais taobh istigh ar mhaithe le hinimircigh chun an cheantair ón gClochán, ón gCaiseal, ó Bhaile Átha Cliath, agus ó Shasana. ‘Carna Unvetted Military-Age Males Commemoration Centre’ a bheidh ar an áit i mBéarla. 

Dúirt Elliot Davies, a tháinig go Carna ó Kent i Sasana in 2016 le NÓS go bhfuil “áthas” air go mbeidh sé in ann “tuiscint níos fearr” a bhaint as na cláiríní eolais san ionad anois tar éis dó neamhaird a dhéanamh de theanga na háite le 10 mbliana anuas. 

Deir coiste stiúrtha an Ionaid go gcrochfar an chomharthaíocht nua roimh thús an tsamhraidh, má ligeann muintir na háite veain na n-oibrithe Polannacha isteach. 

SCÉALTA EILE