“In ainm Chroim! Éist do bhéal.” Sin an rud a chluinimse go rómhinic ó mo chairde as Béal Feirste agus mé ag iarraidh labhairt faoi Dhoire. Déanta mar phíosa spraoi, dár ndóigh, mar tuigeann siad. Tá sé níos fusa magadh a dhéanamh faoi na fadhbanna atá ann san iarthuaisceart ná aghaidh a thabhairt ar an fhírinne.
Tá neamhionannas soiléir siar ón Bhanna. Agus mé ag scríobh an ailt seo, d’fhógair Amharclann Dhoire Trasna nach bhfuair siad aon mhaoiniú ón Chomhairle Ealaíon i mbliana. Druidfear an amharclann i mí Meithimh i ndiaidh 23 bliain ar an fhód, fiú agus clár lán acu go lár mhí na Samhna. Tchítear seo i gcás Choláiste Mhig Aoidh fosta. Níl ach thart fá 5,500 clann léinn ar an ollscoil i nDoire. Is mór idir sin agus an 20,000 atá molta ag John Daly, eacnamaí le Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt & an Iarthair, a bunaíodh ar an 19,000 atá i nGaillimh, cathair a bhfuil an daonra céanna aici. Ní thosóidh mé ar an iompar phoiblí fiú.
Níl mé á scríobh seo le gearán a dhéanamh (bhuel, tá go pointe ach cibé ar bith). Dá n-aithneodh na húdaráis poitéinseal na cathrach, agus cumas an iarthuaiscirt ar an iomlán, bheimis ag labhairt faoi cheantar iomlán difriúil. Tá féile atá ar na féilte Samhna is mó san Eoraip (nó ar domhan fiú) againn! Anuas air sin, tá an Fhéile Snagcheoil againn chomh maith, a bhíonn mar bhuaicphointe na bliana domsa. Tá bialanna den chéad scoth againn, áiteanna atá an-fhaiseanta. Is fada uainn na curadhmhíreanna sicín agus na hoinniúin tobac. Cé nach bhfuil club oíche saintógtha againn a thuilleadh, tá na tithe tabhairne thar a bheith maith agus bíonn craic ag muintir Dhoire i gcónaí.
“There was music there, in the Derry air.”
Ní dhearna mé tagairt don cheol ná an ealaín atá le fáil sa chathair fiú. Ábhar gaisce domsa ná an chéad bhanna ceoil a chonaic mé – The Undertones. Banna chomh maith sin gur chas John Peel ‘Teenage Kicks’ dhá uair as a chéile ar BBC Raidió 1. Níl mé ag déanamh tagairt do na ceoltóirí clúiteacha eile as an chathair agus na ceoltóirí áitiúla iontacha atá ann ach oiread. Ní hamháin go bhfuil bua an cheoil againn, amharc na scríbhneoirí a tháinig amach as an chathair; Seamus Deane, Lisa McGee agus Brian Friel. Ealaíontóirí amhail Eilis O’Connell, Willie Doherty agus Ealaíontóirí Thaobh an Bhogaigh a dhéanann na múrphictiúir. Iriseoirí amhail Aoife Moore, Susan McKay agus Eamonn McCann. Is iad na gnáthdhaoine, áfach, atá ina ndíol suntais.
Bheinn in ann na mílte leathanach a scríobh faoi Dhoire ach seo blaiseadh beag de na fáthanna a bhfuil mé chomh tógtha leis an chathair. Níor luaigh mé stair na cathrach fiú. Na Ballaí nach ndearnadh bearna iontu riamh agus ar féidir leat siúl orthu fós. Muna bhfuil scéal Léigear Dhoire léite agat, tá sibh ag cailleadh amach. Bunús an mhana “No Surrender” is ea an eachtra seo. Dár ndóigh, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar Dhomhnach na Fola. Is í an troid, atá fós ar bun i gcomhair na fírinne agus na córa, a léiríonn meon bhunadh an cheantair nach ngéillfidh siad go deo.
Cé go bhfuil stair shaibhir ag an chathair agus go dtagann daoine iontacha aisti, tá rud éigin ann a thuigeann muid ar fad d’ainneoin na bhféilte, an bhia, agus na craice. Bhí, tá agus beidh easpa infheistíochta san iarthuaisceart agus mo chathair aláinn féin. Beidh orainn i gcónaí rudaí a dhéanamh gan tacaíocht, gan chuidiú. Leanfaidh na féilte ar aghaidh, réiteoidh na bialanna faiseanta béilte den chéad scoth go fóill agus, níos tábhachtaí fós, coinneoidh muintir Dhoire orthu ag troid.
Is in ainneoin an stáit a bhíonn na daoine iontacha ag teacht ón chathair. Is in ainneoin an stáit atá atmaisféar thar a bheith dearfach sa chathair. Agus is in ainneoin an stáit atá Doire mar sheoid an iarthuaiscirt. Dá bhfaighimis pioc den infheistíocht a gealladh dúinn, ní bheadh rud ar bith nach bhféadfaimis a dhéanamh. Tá an t-ádh libh.