Is crua an ceacht a dteastaíonn trí dhianghlasáil lena fhoghlaim

Fuair mé fógra ó Facebook cúpla lá ó shin gur roinn mé méim bainteach le Covid-19 bliain iomlán ó shin. B’in an chéad fhógra dá leithéid ó Facebook inar luadh cúrsaí Covid ach tá a fhios agam go maith go bhfuil i bhfad níos mó de sin le teacht (an saothar seo san áireamh i gceann bliana eile – heileo a Khev na Todhchaí!). 

Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil bliain anois ann ó thug foireann teicneolaíochta na hoibre ríomhaire glúine dom agus a dúirt liom téacs a chur chuig mo bhas agus mé logáilte isteach air an mhaidin ina dhiaidh. Is deacra fós a shamhlú go bhfuil breis is bliain ann ó bhí béile agam le cairde ag bord bialainne gan aird ar bith a chaitheamh ar an scaradh sóisialta. 

Mothaíonn an bhliain sin gearr agus fada ag an am céanna. Is cuimhin liom tús na chéad dianghlasála mar a bheadh inné ann. Ach ní foláir suntas a thabhairt don mhéid atá déanta agam idir an lá sin agus an lá inniu. Ar ndóigh is fíorbheagán den saol atá feicthe agam nach bhfuil níos faide ná 5KM ó mo theachsa: mo dheasc oifige, lár na cathrach (níl sé feicthe agam ach b’fhéidir deich n-uaire nó mar sin de), an phictiúrlann, an amharclann – leanann an liosta ar aghaidh. 

Ach tá neart foghlamtha agam sa tréimhse seo chomh maith: tá mé tar éis a fhoghlaim conas oibriú go héifeachtach ó chéin, tá mé tar éis an-chuid a fhoghlaim fúm féin agus mé ar turas caillte meáchain (sin scéal le haghaidh alt eile) agus ar ndóigh, tá sárscileanna forbartha agam ar conas tráth na gceist snasta a chur le chéile ar Zoom (tig le muintir an Queercail Comhrá fianaise a thabhairt ina leith sin). Ach níl an ceacht is suntasaí foghlamtha agam ach le fíordhéanaí, a bhuí le Covid. 

Cad é an ceacht sin, a deir tú? Is duine ar leith mé, agus is iomaí ainmneacha don chineál duine sin. D’fhéadfaí a rá go bhfuil méara agam in an-chuid pióg (más ceadmhach a leithéid d’íomhá a úsáid sa tréimhse seo), nó cuirtear social butterfly i mo leith go minic chomh maith. Is fearr liom féin an focal busybody – is é sin, gur maith liom tabhairt faoi an-chuid rudaí éagsúla ag aon am amháin. Ní gá dom a rá go raibh an dianghlasáil deacair orm dá bharr agus gan an deis agam tabhairt faoi thionscadail éagsúla agus mé ag iarraidh mo chuidse a dhéanamh do shláinte an phobail. Má smaoiníonn tú faoi, d’fhéadfainn bheith i mo sárleatóir murach an dianghlasáil agus an oiread sin ar bun agam de gnáth ag aon am amháin.

Glac leis, mar sin, gur thapaigh mé gach deis fhíorúil a tháinig chun cinn nuair a tháinig sé. Thug mé faoi ghearrdhráma a scríobh do Chomórtais Liteartha an Oireachtais, thosaigh mé ag déanamh ranganna oíche ar líne, d’fhill mé ar an gcraoltóireacht raidió le Raidió na Life, agus nuair a d’fhógair mo chumann ceoldrámaíochta go raibh siad ag cur fáilte roimh léirithe spéise chun dráma raidió a stiúradh? An ceart agat, chuir mé m’ainm chun cinn dó sin chomh maith.

Bhí tréimhse ann le déanaí inar mhothaigh mé go raibh mo dhialann shóisialta níos gnóthaí ná mar a bhí roimh an dianghlasáil, agus thugas faoi deara gur eispéireas iomlán éagsúil é freastal ar roinnt imeachtaí fíorúla in aon lá amháin ná mar atá sé freastal ar chinn fhisiciúla. An rud is mó a mhothaím uaim ná an taisteal ó imeacht fisiciúil amháin go himeacht fisiciúil eile. Is maith liom an taisteal sin mar ní gá dom rud ar bith a dhéanamh ach bheith ag taisteal. Tugann sin deis dom mé féin a shocrú idir imeachtaí agus cé go mothaíonn sé gnóthach, tá am sosa fite fuaite san am taistil. 

Ar ndóigh, ní mar atá i gcás na n-imeachtaí fíorúla, nuair nach gá duit éirí ó do chathaoir fiú chun aistriú ó imeacht amháin go himeacht eile. Mhothaigh mé sin ag cur isteach orm, agus b’éigean dom athbhreithniú a dhéanamh ar mo chuid coimitmintí. Tharraing mé siar ón stiúrthóireacht drámaíochta sular thosaigh na cleachtaí agus táim buíoch gur thuig coiste an chumainn mo chás. 

Mothaím i bhfad níos éadroime ó tharraing mé siar ón gcúram sin, déanta na fírinne – comhartha gur ghlacas an cinneadh ceart. B’fhearr liom an ceacht seo a fhoghlaim ar bealach níos séimhe, ach fós féin táim buíoch gur fhoghlaim mé é ag an am ceart. Tá laethanta níos fearr ag teacht, fiú más go mall atá an teacht sin, agus tá sé mar rún agam taitneamh a bhaint astu. 

Ach chun an leas is fearr a bhaint astu, beidh orm iad a chaitheamh go tomhaiste agus am sosa a chinntiú dom féin. An cleas anois, áfach ná an ceacht a thabhairt liom nuair a fhillfimid ar sheansocruithe an tsaoil – déanaigí de réir mo chomhairle agus ní de réir mo bhriathair a chairde!

SCÉALTA EILE