‘Is cuimhin liom an oíche a chan Seán South inár dtig ar an Muirígh’

Bail ó Dhia oraibh ar fad arís, agus fáilte go dtí an tríú cuid den sraithín. Tá daoine curtha simplí ag an sraithín anseo timpeall i gCorca Dhuibhne. “Cé hé an chéad duine eile a bheidh agat?” “Bhreá liom dá labhrófá le X nó Y.” Caithfidh mé a rá go bhfuilim ana-bhuíoch as an léamh atá air, agus táim sásta go bhfuil daoine ag baint sásaimh as, mar táimse ag baint ana-shásamh as a bheith amuigh i measc na ndaoine, ag fáil blaiseadh beag dá saol. 

Is é an chéad fhear a bheartaíos a bheadh sa tsraithín ná Alec Ó Cíobháin. Ón Muirígh ó dhúchas é Alec agus bhí dhá dhuine dhéag ar fad acu sa chlann. Bhí triúr gardaí ann. Ón Muirígh ab ea a athair, siúinéir, agus ó Dhún na nGall ab ea a mháthair. Bhuaileadar le chéile i mBaile Átha Cliath agus d’aistríodar ar an Muirígh ina dhiaidh san.

Féach air seo de phictiúir. Thug Alec an bradán is mó a tháinig i dtír riamh i mBaile na Gall isteach, agus bhí a phictiúir sa Kerryman ag an am. Sa bhliain 1977 a dhein sé an gaisce leis an iasc, a bhí 15.5kg meáchain!

Seo linn mar sin, go dtí na ceisteanna.

Cad í an chuimhne is sia siar i d’cheann?

“An oíche a chan Seán South inár dtig ar an Muirígh. Bhuel bhí sé ag campáil, bhí sé ag imeacht timpeall na hÉireann, ag rothaíocht is ag campáil. Sin í an bhliain a maraíodh é, agus bhí camp curtha suas trasna an bhóthair aige, ónár dtigne. Bhí guesthouse ar an Muirígh an uair sin agus shéid sé ar fad. Dhein sé gála gaoithe, agus chuaigh m’athair amach, trócaire air, agus thug sé cuireadh isteach an tig dó agus bhí sé ana-shásta agus bhí Irish stew déanta age mo mháthair, ó Dhún na nGall ab ea í agus fuair sí pláta mór dósan. Bhí sé ana-shásta. Aon oíche amháin a bhí sé le fanacht mar dhein sé scríob cheart ach an lá ina dhiaidh, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus chuaigh sé siar an tráigh ag siúl, is ná d’fhan sé coícíos! Chuaigh sé thar n-ais sa champ. Fear ana-dheas. Fear caol ard agus gruaig rua air. Fear breá. Seacht mbliana a bhíos an uair sin. Thug sé leathchoróin dom agus ná bhíos chomh excited,go dtit sé isteach i dtor sceach uaim agus thugas, mo chroí ón diabhal, go dtugas bliain á lorg is ní bhfuaireas riamh í. B’in é souvenir Seán South imithe. Ó bhíos cráite. Ní dhearúdfaidh mé go deo é.”

Cén saghas duine tú?

Yerra, fear seoigh, saghas cowboy!

Cén lá ab fhearr a bhí riamh agat?

“An lá a bhuas lotto an Daingin. Phonecall a fuaireas ó bhean a bhí ann, go raibh sé buaite agam. €7,750. Bhí sé alright, ná raibh?”

Cén clár teilifíse nó clár raidió is fearr leat?

An Saol Ó Dheas, le Helen Ní Shé. Cífidh Helen é seo, an gcífidh? ! Beidh sí ana-mhór liom. Fuaireas prize cheana uaithi, dinnéar do bheirt sa Skellig!”

Cén chomhairle a bheadh agat chun an saol is fearr a chaitheamh?

Is é an saol céanna a chaithfeadh sé, is atá caite aige, a dúirt sé. “Táim im’ bheathaigh fós anyways,” arsa é. Dá mbeadh comhairle aige le cur ar an aos óg: “Na haon rud a thiocfaidh trasna orthu a dhéanamh. Triail a bhaint as na haon rud.”

Cén nath cainte/amhrán is fear a thaitníonn leat?

“An té a bhíonn amuigh, fuaraíonn a chuid.” Ó thaobh amhráin, sé an t-amhrán “Sciobairín”, an leagan Gaolainne, á rá ag Tom Neilí Ó Mainnín, an ceann is fear ar fad le Alec.

Bhailigh Alec leis go Sasana nuair ná raibh sé ach naoi mbliana déag. Is ann a bhuail sé le Lily, sa Galtimore in Cricklewood agus táid pósta ó shin ar an gCarraig. 

SCÉALTA EILE