Mí Eanáir. Cuireann sé ana-chuid i gcuimhne do dhaoine. Easpa airgid i ndiaidh na Nollag, aimsir cheobhránach liath. É fliuch agus fuar. Brú ort do shaol a fheabhsú, cé go bhfuil tú rite síos, traochta, agus i ndroch-ghiúmar. Ag ithe go sláintiúil, leadránach b’fhéidir. Faic ar siúl, do chairde ar fad tar éis éirí as an ól. Daoine imithe ar saoire go Lanzarote toisc gur fuath leo an mhí seo chomh mór san. Daoine ag prapáil chun imeacht ar imirce.
Tá droch-cháil ar mhí Eanáir mar mhí. Ach is aoibhinn lem’ chroí an mhí seo. Tosach na bliana, na laethanta gairide ag teacht chun deiridh. Ábhar dóchais. An bhliain iomlán ag síneadh amach romhainn.
Nílim róthógtha le rúin na hAthbhliana, in aon chor. Beidh a bhformhór dearmadta fé Lá Fhéile Pádraig. Mar sin féin, nach deas an rud é an t-am a thógaint ag tosach na bliana chun féachaint siar ar an mbliain atá imithe tharainn, agus measúnú a dhéanamh ar na rudaí ar éirigh leo, nár éirigh leo, agus ar na hathruithe a theastaíonn uainn a chur i bhfeidhm don mbliain seo.
Is maith an t-am é plean praiticiúil a chur le chéile má theastaíonn uait rud nua a thosnú nó nós nua a chruthú. Muna n-éiríonn leat, muna n-oireann sé duit, nó fiú muna dtaitníonn an rud nua leat chomh mór agus mar a cheapais, cén dochar?
Toisc go mbíonn rún ag gach duine agus a mháthair go ndéanfaidh siad níos mó aclaíochta nó go gcaillfidh siad meáchan, agus toisc go mbíonn sé deacair fuadar a chur fút féin leis an aimsir, bailíonn ana-chuid daoine le chéile chun spriocanna a bhaint amach. Chítear sluaite ag siúl, ag rith, ag rothaíocht, ag snámh san fharraige, bíodh sé fuar, fliuch, nó fiú dorcha. Is féidir leis an am seo, díreach i ndiaidh na Nollag, a bheith uafásach uaigneach ar dhaoine. Is deas an rud é go mbíonn daoine ag bualadh le chéile chun rudaí a dhéanamh agus fiú muna gcloífear leis na dea-rúin, ní féidir a shéanadh go ndeineann sé maitheas do shláinte daoine, idir sláinte fhisiciúil agus an mheabhairshláinte.
Ar an ábhar céanna, glacann ana-chuid de mhuintir na hÉireann páirt in Eanáir Tirim. Ní haon rún é go bhfuil i bhfad an iomarca béime sa tír seo ar an ól nuair a bhíonn ócáid shóisialta i gceist. I ndiaidh cóisirí na Nollag agus Oíche Chinn Bliana, is deas an rud é go ndeintear iarracht fanacht amach ó na tithe tábhairne agus rudaí eile a dhéanamh. Measaim féin go bhfuil sé chomh deas a bheith suite ag léamh oíche Dé hAoine, nó istigh cois tine ag gáirí i dtigh carad. A fhad is a raghaimid i dtreo an tsamhraidh, is mó ócáidí sóisialta sa tigh tábhairne a bheidh ar siúl. Is deas é i mí Eanáir ná bíonn an méid san cúraimí sóisialta orainn, agus nár ghá dúinn ach a bheith i láthair.
Seans gur ráiteas saghas conspóideach é seo, ach is maith liom an aimsir i mí Eanáir. Ní hé an aimsir is fearr liom, ach bíodh sé fuar nó bog, fliuch nó tirim, tá rud éigint fén aimsir dhorcha na míosa seo a thaitníonn liom. Faightear radharc difriúil ar an saol nuair a chítear fé sholas na gealaí é, go háirithe nuair a chuimhnítear go mbeidh sé ina lá ag an am gcéanna i gceann cúpla mí eile. Tuigim go gcuireann an easpa solais isteach orainn ar fad, agus go mbíonn sé ana-dheacair an solas lae sin a fháilt atá ríthábhachtach. Ach fós féin, is dóigh liom go bhfuil rud speisialta fén aimsir ag tosach na bliana, agus go gcuirfear luach níos mó ar an aimsir “mhaith” a thiocfaidh sna míonna amach romhainn tar éis d0 mhí Eanáir a bheith curtha dínn againn.
Is deacair an mhí í mí Eanáir. Bíonn sí fada dorcha ciúin. Ach mar sin féin, níl aon dul as againn, agus measaim go bhfuil draíocht nach beag ag baint léi. Tá súil agam, amach anseo, go dtuigfidh a thuilleadh daoine an meas atá ag dul di.