Gach uair a cheapann mé gur cuma liom faoin aimsir, tagann cúpla lá gréine agus bíonn iontas an domhain mhóir orm. Níl a fhios agam ar mé an t-aon duine atá mar seo ach, nuair a thagann an ghrian amach ar feadh fiú cúpla uair an chloig, is duine nua mé.
Bím ag siúl thar timpeall an champais ollscoile agus meangadh gáire orm féin ar nós duine iomlán craiceáilte, ag tabhairt suntais do na bláthanna, do na héanacha agus níos mó suime agam i ngach rud. Rachaidh mé chuig gach ceann de na léachtaí chuile lá (bhuel, beagnach chuile cheann) a dheirim liom féin. Tá níos mó inspreagadh orm mo chuid oibre a dhéanamh do mo chúrsa fiú! Nuair a bhí an aimsir go maith lá cheana, bhí mé ag freagairt ceisteanna i mo chuid léachtaí, go fírinneach!
Ón taobh síceolaíochta de, tá galar ann darb ainm ‘Seasonal Affective Disorder (SAD)’, mar go bhfuil daoine ann a gcuireann an aimsir dhorcha ghruama isteach ar a ngiúmar go mór. Mothaíonn siad tuirseach agus in ísle brí nuair a bhíonn an aimsir fhliuch fhuar ann, chomh maith le comharthaí eile cosúil le deacrachtaí codlata agus deacracht ag díriú ar rudaí. Maraon leis sin, nuair a thagann feabhas ar an aimsir, na laethanta ag éirí níos faide, níos teocha agus níos gile imíonn na comharthaí go hiomlán. B’fhéidir gur cheart go mbogfadh muid ar fad go dtí an Spáinn nó áit éigean grianmhar chun fanacht i ndeá-ghiúmar.
Isteach liom ar an champas ar an maidin bhreá ghrianmhar, agus gan orm ach siúlóid deich nóiméad ó stad an bhus go dtí an halla léachtaí. Ach mo léan géar ní raibh mé ach tagtha anuas den bhus nuair a thosaigh sé ag doirteadh báistí, agus shéid gustaí láidire gaoithe. Tá mé beag go maith agus beag nar fuadaíodh leath bealaigh trasna an bhóthair mé. Táim beagnach cinnte go bhfaca mé duine éigin i carr a bhí ag dul tharam ag gáire fúm.
Níor thóg sé ach cúpla soicind go dtí go raibh mé báite ó bhun go barr. Faoin am a shroich mé an halla léachta bhí mo ghruaig ag sileadh uisce. Má léigh tú m’alt deireanach cuimhneoidh tú go raibh orm mo ghruaig a thriomú le triomadóir lámha i leithreas sa teach tábhairne a raibh mé ann. Bhuel, bhí Páirt a Dó den saga sin agam an lá seo. Greannmhar go maith, thosaigh cailín eile ag déanamh an ruda chéanna lena gruaig nuair a chonaic sí mé. Bhraith an bheirt againn cineál dlúthchaidrimh sa leithreas, bunoscionn, ag triomú ár ngruaige mar thoradh ar an athrú aimsire.
Ní maith liom é a admháil go poiblí, ach b’fhéidir go raibh cuid den cheart ag mo mháthair nuair a dúirt sí liom cóta báistí a thabhairt liom, mar sin beidh clúdach ceart nó scáth báistí á chrochadh liom chuig mo chuid léachtaí as seo amach. É sin, nó bogfaidh mé go dtí an Spáinn!