Is é mo mhadadh-sa an madadh is fearr ar domhan

Shuigh mé síos le colún na seachtaine seo a scríobh agus ní raibh an leaba faoi mo thóin agam fiú sular thosaigh mo mhadadh, Olly, ag tafann agus é ag iarraidh go dtiocfainn anuas  an staighre le suí leis.

Tháinig mé ar ais go Doire aréir don deireadh seachtaine agus bhí mé róghnóthach suí leis agus an chraic a fháil uaidh agus, cé gur mhothaigh mé fíorchiontach faoi, bhí mé ag rá liom féin cé chomh tábhachtach is atá sé go scríobhaim seo in am daoibhse a bhíonn ag fanacht air gach seachtain (hi a Dhaidí!). Ar ndóigh, ní thuigfeadh mo mhadadh sin — fiú dá ndéanfainn iarracht é a mhíniú dó. 

Is madadh fíorálainn é agus iontach cliste. Is é an madadh is deise ar domhan é, bíodh a fhios agaibh, agus ní bhíonn sé ag tafann de ghnáth ach tá nós nua tosaithe anois aige le tamall anuas go mbíonn sé ag tafann nuair a oireann sé dó. Is drochrud é nuair a bhíonn sé ar lorg airde i lár na hoíche agus an líon tí á múscailt aige ach déarfainn go mbeadh sé dár gcosaint dá mbrisfeadh duine ar bith isteach sa teach chomh maith. 

Mar sin féin, briseadh isteach inár dteach roinnt blianta ó shin nuair nach raibh Olly ach ina choileán. Tharla sé ag a cúig nó a sé ar maidin agus muid ar fad inár leapacha ach bhí an t-ádh linn nár goideadh ach eochair an chairr, agus an carr leis, agus nach ndeachaigh siad sa tóir ar rud ar bith eile sa teach. 

Nuair a tháinig muid síos staighre ar maidin le dul ar scoil, bhí Olly ina chnap codlata ina leaba i ndiaidh dó a bheith ag súgradh ar an tsráid ar feadh na maidine, as siocair gur fhág na gadaí an doras oscailte. B’shin ceann de na hoícheanta is fearr i saol Olly go dtí seo. 

Caithfidh gur aimsigh sé a ghuth agus é amuigh ar an tsráid an mhaidin sin nó ón lá sin i leith tá sé ag tafann leis nuair a thagann strainséir chun an tí. Ní féidir liom a bheith feargach leis fiú mar, ar dtús, tá sé just chomh fricken gleoite sin! Agus ar an drochuair, bíonn mo mhuirnín beag tinn chomh maith.

Tá titimeas de chineáilín ar Olly s’againne, rud a chiallaíonn go mbíonn taomanna aige má éiríonn sé róghasta, agus níl aon leigheas air. Chomh maith leis sin tá ailléirge air le fear agus bíonn sé ag tochas é féin go gcuireann sé fuil ina dhiaidh dó a bheith ag luí ar an fhéar. 

Tá mo chroí go hiomlán briste ag an chréatúr bocht agus é go fóill chomh lán sin de ghrá agus áthas.

Agus, i ndeireadh na dála, ghéill mé don tafann anocht agus thréig mé an scríbhneoireacht le dul agus suí leis ar an tolg. Ach mothaím féin níos fearr dá bharr, tá mé cinnte de go mothaíonn seisean níos fearr as, mar sin maith dom é as ucht insint duit gurb é mo mhadadh-sa an mhadadh is fearr ar domhan. 

Oh, agus dála an scéil, chonaic mé an chuid eile de mo theaghlach inniu chomh maith. 

SCÉALTA EILE