Is fada an lá ó bhí cur amach agam ar an saol singil…

Ní dheinim dea-rúin riamh mí Eanáir mar is leor an iarracht fanacht dearfach ag tús na bliana gan an brú sin a chur ort féin. Leis an bpaindéim, tá sé fíor-dheacair greim a choimeád ar chúrsaí ama. Ach, roimh Lá Fhéile Pádraig, agus is léir ó choiscéim an choiligh atá le feiscint le clapsholas an lae, nach i bhfad uainn é sin, braithim gur fearr dom dea-rúin na bliana a phlé, go tapa. Ach cá dtosnóinn? Ní hamháin go bhfuil dianghlasáil eile ar siúl agus an phaindéim fós ag fágaint na tíre ina cíor thuathail, ach domsa go pearsanta, tá an t-uafás athruithe ag tarlú agus go leor cinntí agus dea-rúin le déanamh agam. 

Ar an gcéad dul síos, táim ag scarúint leis an bhfear lena rabhas le beagnach 13 bliana (nach mbíonn 13 ámharach do dhaoine áirithe?). Is iomaí rud atá le déanamh agus le plé chun é sin a dhéanamh. Ní hamháin na rudaí praiticiúla i dtaobh bogadh tí ach na nithe a bhaineann le haireachas agus ardú meanman chomh maith. Táim ag treabhadh liom leo siúd. Ach, chun m-intinn a tharraingt ón gcrá croí – a chruthaíos dom féin! –  do thosnaigh cairde liom ag cruthú próifíle POF dom. Cad é POF? a deir tú? Aip gheandála. “Go Leor Iasc” mar a déarfá as Gaeilge. Úsáidtear an acrainm sin POF go rialta ar an suíomh féin (is léir gur pro anois mé!) 

Dar ndóigh, is fada an lá ó bhí cur amach agam ar an saol singil, agus n’fheadar an raibh a leithéid de rud agus ‘dating apps’ ar fáil an uair sin, ach is léir go bhfuil domhan úr nua amuigh ann anois.

Ar an gcéad dul síos, caithfear próifíl a chur le chéile agus iarrtar go leor ceisteanna ort, ar nós cén sort caidrimh atá uait, do phost, caitheamh aimsire, creideamh agus araile, rud atá áisiúil is dócha chun teacht ar dhuine a bheidh in ann an bád a iomramh leat. Ní haon chabhair é, is dócha, leathbhádóir atá ag iarraidh imeacht sa treo eile agus sibh amuigh ar an bhfarraige! 

Ar nós an t-uafás aipeanna na laethanta so, tá an rogha ann íoc as breis seirbhísí, ach tá an bunleagan ann leis agus is leor é sin don iasc nua seo go fóill. Ceadaítear ocht ngrianghraf a chur in airde, agus is deis é sin duit do thaobhanna éagsúla a thaispeáint. Níl próifíl aon mhná eile feicthe agam ach dúradh liom go mbíonn an iomarca ‘féiníní’ iontu. Bheartaíos gan aon cheann acu siúd a chrochadh. Meascán atá agam anois ann a thugann le fios go bhfuil suim agam i gcúrsaí ceoil agus amharclannaíochta, gur maith liom bheith amuigh faoin tuath, ag snámh sa bhfarraige, agus ag tarraingt. 

Ach cad faoi na fir a chuireann suim ionam? Bhuel, ní lia iasc sa bhfarraige ná fir ó gach cúinne agus cearn ar an aip. Réimse leathan pictiúr atá ann, ach faraor ní bhfuair an chuid is mó dóibh an chomhairle a cuireadh orm faoi na féiníní. Cinnte tá an iomarca ann, nó radharc orthu os comhair scátháin, ach b’fhéidir gur fo-iarmhairt é sin ag an bpaindéim, ná fuil duine ar bith eile ina gcuideachta a thógfadh grianghraif dóibh agus níor smaoiníodar ar amadóir a úsáid? Ní hé sin an rud is measa ach an méid daoine a bheartaíonn ar chomhrá a thosnú le “hey, how r u?”. An oibreodh sé sin le héinne? Mo thuairim: muna luaitear rud éigin pearsanta ó do phróifíl níl freagra tuillte acu ar cheist chomh domhain is “hey’ how r u?” (creathán)

Agus b’fhéidir gur leor é sin duitse, agus nach iontach an saol é go bhfuil gach duine difriúil agus ag lorg tréithe éagsúla óna pháirtí. In ainneoin an drogaill a bhí orm glacadh leis an modh nua seo, caithfidh mé a rá go bhfuilim tar éis comhráite ana-shuimiúil a bheith agam le héisc inspéise. Mar sin, nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim lofa seo agus an t-iascaire seo réidh inti féin dul amach san uisce flúirseach arís, cá bhfios cad a tharlóidh? Agus go dtí sin, cé ná fuil ann ach focail, tá meascán deas fear tar éis dóchas a thabhairt dom go mbeidh lá eile ag an bPaorach.