‘Is fearr liom modh staidéir na hollscoile sa Fhrainc’

Tá an chéad choicís de léachtaí na hollscoile imithe de léim, agus cé is moite de chorr dhul amú an chéad seachtain tá mé bailithe i dtaithí anois ar an gcampas nua. (40 nóiméad deireanach do léacht amháin, dhá uair an chloig luath do rang eile, agus tóraíocht taisce timpeall trí fhoirgneamh ag lorg léachta lá eile – seo iad na cineálacha rudaí a tharlaíonn do chuile dhuine, nach iad?)

Leis an bhfírinne a insint, an chéad lá a chuaigh mé ar campas, ní raibh mé chomh tógtha sin leis. Is ar éigean go raibh deoraí ann. Foirgintí móra coincréite agus spásanna móra folmha eatarthu. Sna spásanna folmha sin, bhí cosáin choincréite agus páirceanna féir a bhí feoite. Ní raibh beocht ar bith san áit. Chuimhnigh mé le cumha ar Ghaillimh agus ar an gcoláiste ansin, ar ghlaise an Quad, ar an mbealach siúil cois na habhann, agus a bhríomhaire is a bhí na daoine. 

Ach nuair a cuireadh tús ceart leis an scoilbhliain, thuig mé go raibh dul amú orm. Théis cúpla oíche báistí, tá athrú iomlán tagtha ar an gcampas; crainnte agus páirceanna glasa ag ceilt liathacht na bhfoirgintí taobh thiar dóibh. Agus bí cinnte go bhfuil beocht sna daoine! Ag an am lóin, bailíonn buíon daoine ar thaobh amháin den chlós le drumaí, damhsóirí, ceoltóirí agus callairí (lena chinntiú go gcloiseann chuile dhuine iad) agus na scórtha eile cruinnithe timpeall orthu ag baint an-chraic as, ag damhsa agus ag béiceach. 

Maidir leis na ranganna, dhá uair an chloig ar a laghad atá siad, agus is ar éigean gur chreid mé é sin nuair a insíodh ar dtús dom é. Ach an chuid is mó den am, bíonn na ranganna iad féin an-bhríomhar, agus déarfainn go gcaitear leath an ama sin ag argóint faoi rudaí fánacha. Bhí rang agam inné inár chuir an léachtóir ceist orainn faoin ngearrscéal a bhí díreach léite againn. Ceist shimplí (shílfeá); cén chaoi a roinnfeá an scéal ina chodanna ar mhaithe le hanailís a dhéanamh air. 

Níl mé ag magadh nuair a deirim gur chaith muid ceathracha nóiméad ag díospóireacht faoi. Níl an nós díospóireachta sin againn ar chor ar bith in Éirinn (ó mo thaithí-se).

B’fhearr liom modh na Fraince. Thar aon cheo eile, tá sé níos éasca aithne a chur ar an duine atá suite in aice leat nuair atá a dtuairimí a léiriú go hoscailte sa rang acu mar go dtugann sé ábhar comhrá duit, agus anuas air sin, tugann sé ábhar machnaimh duit agus meoin eile taobh amuigh de thuairimí an léachtóra. 

Caithfidh tú a bheith ar d’airdeall mar sin féin, ní bhíonn aon leisce ar na léachtóirí tú a chur i d’áit más rud é nach n-aontaíonn siad leat nó má cheapann siad go bhfuil an argóint lag. 

Rinne mé éacht agus a chinntiú nach mbeadh aon rang maidine agam, a thosaíonn ag fiche théis a hocht. Ní bheinn in ann ag na díospóireachtaí sin chomh luath sin ar maidin. Ar an Luan níl agam ach rang amháin agus tosaíonn sé ag ceathrú théis a dó. Tugann sé sin neart ama dom coinneáil le nósmhaireacht an deireadh seachtaine agus codladh amach a bheith agam – nó an grasse matinnée, mar a deir na Francaigh!