Is fiú an streachailt don gháire a thiocfaidh ó do bholg aníos

Foilsíodh dán a scríobh mé inné ar NÓS, dán a scríobh mé agus mé in áit uafásach, go fírinneach agus go meafarach — bhí mé ar bhus de chuid Bhus Éireann. 

Ach chuaigh mé a luí an oíche sin agus mhúscail mé an mhaidin dár gcionn. Rinne mé sin arís an oíche ina dhiaidh sin. Agus arís agus arís eile ón lá sin go dtí an lá seo. Agus inniu, den chéad uair le cúpla mí anuas, lig mé gáire asam. Tháinig sé ó mo bholg aníos, amach thar mo bheola sula raibh a fhios agam cad a bhí ag tarlú. Ní raibh an jóc a chuala mé chomh greannmhar sin fiú.

Ach lig mé gáire go fóill agus líon mo chroí le háthas. Níos moille sa lá, bhuail mé le duine iontach. Bhí comhrá fiúntach macánta againn a thug misneach dom. D’fhág mé an seomra sin agus mé dóchasach, agus ag dúil le feiceáil cad a bhí i ndán dom féin amach anseo. 

Mar sin féin, bheartaigh mé nach raibh mé sásta leis an dán seo. Ach is mar sin a mhothaigh mé nuair a scríobh mé é, agus creidim go bhfuil sé de cheart agam aitheantas a thabhairt do na mothúcháin sin. Ach tá mé go fóill anseo.

Tá mé go fóill ag iarraidh leanúint orm go mbeidh mé in ann amharc siar ar an tréimhse uafásach seo i mo shaol agus a bheith bródúil gur tháinig mé fríd.

Má tá duine ar bith atá á léamh seo anois ag mothú mar a mhothaigh mé nuair a scríobh mé an dán thuas, tá mé ag iarraidh go bhfeicfidh siad go n-éireoidh sé níos fearr agus gurbh fhiú an streachailt don gháire sin a thagann aníos ó do bholg, don chomhrá sin le duine iontach agus don fhaoiseamh nuair a bhaineann tú do leaba amach ag deireadh an lae agus fios agat gur éirigh leat maireachtáil fríd lá eile. 

Tá tú láidir.

Tá tú cróga.

Tá grá ag daoine duit.  

SCÉALTA EILE