Tá mé saor…ar feadh scaithimhín gearr. Sin deireadh leis an gcéad leath den scoilbhliain chuibhrithe seo. Tá na scrúduithe thart agus coicís agam anois le briseadh a thabhairt don intinn. Bhí orm duais a thabhairt don intinn ar dtús mar chúiteamh ar an gcéasadh a fuair sí i rith choicís na scrúduithe, mar sin an oíche th’éis dom an peann a leagan uaim las mé tine sa tinteán a thóg mé taobh amuigh i mí Aibreáin seo caite nuair a sáinníodh muid an chéad uair.
Chas mé mo sheinnliosta ceoil tíre (an bhfuil fadhb agat le ceol tíre? Stop ag magadh fúm!), dhoirt mé leathchás beorach síos i mo ghoile agus tharraing mé a raibh de dheatach le fáil as todóg dheas a thug m’uncail dom as Meiriceá. (Ní chaitheann mé na cigars ach anois agus arís nuair a bhíonn rud éicint á cheiliúradh agam. Ná croch mé le do thoil).
Mar sin th’éis dom an faoiseamh ceimiceach sin a thabhairt do mo intinn chuaigh mé a chodladh. Nuair a d’éirigh mé ar maidin bhí sé in am aithrí a dhéanamh ar pheacaí na hoíche roimhe agus an phóit mar chomhghleacaí agam ar feadh an lae sin. Níl náire ar bith orm faoi sin. Mar a deir an Béarla “Everything in moderation, including moderation”. Ní minic a tharlaíonn sé sin agus mar a deir an Ghaeilge “an rud is annamh is iontach”.
Mar sin tá mo fhaoistin déanta agam leat. Cá rachfidh mé as seo go ceann coicíse? Bhuel ní féidir liom a ghabháil in áit ar bith i ndáiríre. “There’s nowhere to go and you got all day to get there” a deir an t-amhrán. (Caithfidh mé leagan as a bheith ag goid focla daoine eile nó is gearr gur mó a bheidh goidte agam ná scríofa agam féin).
Tá mé ag gabháil ag coinneáil orm le togra an Bhíobla. Bhí orm leagan as ar feadh tamaillín mar bhí sé ag teacht salach ar an staidéar nach raibh mé a dhéanamh. (Nach mé atá cráifeach?) Deir Deaide gur gearr go mbeidh oinniúin le cur arís agus mar sin beidh feamainn agus cac circe le bailiú le cur sna hiomairí. Tá mé ag gabháil iarracht a dhéanamh deasc deas a dhéanamh dom féin agus má tá mé in ann déanfaidh mé é sa gcaoi is go mbeidh mé in ann seasamh agus suí aige. (Tá an coláiste as baile ina phian sa tóin ar níos mó ná bealach amháin).
Má tá rud ar bith foghlamtha agam agus mé ag caitheamh súil siar ar an am idir deireadh mhí Meán Fómhair agus deireadh mhí Eanáir, ní bealach ar bith é an scolaíocht ón mbaile do Dhomhnall Ó Braonáin le céim a fháil. Oibríonn sé do dhaoine áirithe ach ní mise duine acu. Sin cinnte! Is fada liomsa go mbeidh muid uilig sáite ag Pfizer agus in ann a ghabháil ar ais isteach sna seomraí ranga. Fiú agus na vacsaíní á ndáileadh níl foighid ar bith agam. Má bhíonn oiread agus lá den tríú bliain le caitheamh sa mbaile beidh mé le ceangal agus ní bheidh i ndán dom ach teach na ngealt.