Bhí seachtain mhór i gCathair na dTreabh an tseachtain seo agus Seachtain na nGiobal faoi lán seoil. Sílim féin gurb í seo an tseachtain is measa sa bhliain. Ní hamháin go mbíonn sráideanna na Gaillimhe scriosta agus na beáir ar fad róphlódaithe le sult a bhaint aisti, ach bíonn Lá Fhéile Vailintín ann an tseachtain seo chomh maith, agus níl cion agam ar an lá sin.
Muna bhfuil a fhios agat cad is Seachtain na nGiobal ann, bhuel tá an t-ádh ort. Thosaigh sé amach mar rud iontach le hairgead a thiomsú ar son carthanachta agus giota craic a bheith ann do na mic léinn, ach de réir a chéile d’imigh sé as smacht. Anois diúltaíonn an Ollscoil freagracht ar bith a ghlacadh as agus tá na mic léinn agus na clubanna oíche saor lena rogha rud a dhéanamh. Agus déanann siad a rogha rud!
Níor ghlac mé páirt in imeachtaí na seachtaine seo ach uair amháin, nuair a bhí mé sa dara bhliain, agus caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as ag an am. Ba í sin an bhliain is measa de mo shaol ó thaobh sláinte meabhrach de ach an bhliain is fearr ó thaobh saol sóisialta de, creid é nó ná creid! Agus mé ag amharc siar, níl aon iontas orm go raibh orm éirí as an ollscoil an bhliain sin.
Sílim gurb í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil an oiread suime agam i gcúrsaí cóisireachta is atá ag mic léinn eile, agus b’fhearr liom i bhfad a bheith ag suí sa teach os comhair Netflix ná amuigh ag ól. Agus b’fhearr i bhfad liom mo shúile a bhaint de mo cheann le spúnóg ná gúna gairid agus sáile arda a chur orm le dul go club oíche.
Smaoiním ar na mná bochta nochta siúd sioctha fuair ar shráideanna na Gaillimhe ag fanacht ar thacsaí ar feadh trí uair a chloig nuair is féidir leo a bheith te teolaí ina leapacha ag amharc ar chláracha faisnéise faoi chultais agus dúnmharfóirí srathacha, cosúil liomsa.
Ach tá rud maith amháin a thagann as an seachtain ifreanda seo agus is é sin nach mbíonn duine ar bith sna ranganna. Tugann na léachtóirí ceisteanna scrúdaithe dúinn agus leideanna do na haistí agus scrúdaithe atá le teacht agus mothaím féin agus an triúr eile atá sa rang liom i bhfad níos fearr fúinn féin.
Mar gheall gur duine fíor-imníoch mé chomh maith, mothaím gur féidir liom ceisteanna na léachtóirí a fhreagairt agus cúpla pointe breise a fháil. Agus is é seo an fáth a gcuireann mo theaghlach ‘Dorkleen’ orm.