Bhí Lá na Leabhar ann an seachtain seo caite agus b’álainn an rud é ceiliúradh a fheiceáil ar na saothair is ansa le daoine — gasúir (agus daoine fásta tá mé cinnte!) á ngléasadh féin mar chuid de na carachtair is fearr leo chun an lá a cheiliúradh.
Le gairid táim féin sáite sna leabhair arís ar nós mar a bhíodh agus mé níos óige. Thit mé as cleachtadh le leabhair a léamh ar feadh tamaillín agus mheall an fón póca agus síntiús Netflix mé.
Tar éis tús ciúin réchúiseach a chur leis an mbliain seo, bhí am saor agam roinnt leabhair suimiúil a phiocadh suas agus mo sean-nósanna a chleachtadh arís. Is minic a bhíonn dhá leabhar nó níos mó á léamh agam ag an am céanna — piocaim suas ceann amháin nó ceann eile, ag braith ar mo mheon. Is amhlaidh an scéal faoi láthair, ach tá an-chosúlacht an uair seo idir an dhá leabhar atá agam — leabhair faoin néareolaíocht an phéire acu.
Tá an-mheas agam ar néareolaí darbh ainm Oliver Sacks agus tá roinnt leabhar dá chuid léite agam anois. An chéad leabhar a léigh mé leis ná On the Move, dírbheathaisnéis ina chuir sé síos go macánta ar a shaol dochreidte. Ba fhear é a bhí dúghafa lena chuid oibre, le cúnamh a thabhairt agus le freagraí a lorg dá othair a tháinig chuige le réimse leathan galar agus ceisteanna inchinne.
Dar leis, is é an rud is tábhachtaí gur féidir le dochtúir, néareolaí ach go háirithe, a dhéanamh ná éisteacht go domhain lena othair, chun saol an othair a thuiscint agus na hathruithe atá tagtha orthu i lár tinneas a thuiscint go mion.
Is ar an mbealach sin a gheobhadh sé miontuiscint ar inchinn spéisiúil an chine daonna. Is é an léargas seo atá mar bhunús an leabhair atá á léamh agam faoi láthair, Hallucinations.
Bíonn siabhránacht ar dhaoine mar thoradh ar an iliomad tinneas agus cúiseanna. Cuireann Sacks síos r na cosúlachtaí atá idir an sórt siabhránachta a bhíonn daoine ina mbíonn rudaí á bhfeiceáil nó á gcloisteáil dóibh agus tinneas orthu agus siabhránacht a bhíonn orthu an t-am ar fad, leithéidí sinéistéise an cheoil.
Bhíodh mígréin ag Oliver Sacks go minic ina shaol agus uireann sé síos ar an solas geal agus na cruthanna aisteach a d’fheiceadh sé sula mbuailfí é. Agus é ina dhochtúir óg ag obair i gclinic mígréine, chuir sé cheist ar gach othar ann faoin tsiabhránacht a tháinig lena mígréin. Go hiondúil, a dúirt sé, bhíodh faoiseamh ar na hothair nuair a chuireadh sé an cheist sin orthu — ní rabhadar tar éis admháil le haon duine go raibh siad ag feiceáil rudaí neamhghnácha ar fhaitíos go gceapfaí daoine go raibh siad craiceáilte.
Chuaigh mé isteach i leabharlann na Gaillimhe coicís ó shin ar thóir leabhar áirithe. Níor tháinig mé ar an gceann a bhí á lorg agam, ach tharraing leabhar eile m’aird, The Tell Tale Brain le V.S. Ramachandran. Ar chúl an leabhair bhí moladh mór tugtha ag Oliver Sacks dó. Ar nós Sacks, is fear é an scríbhneoir seo atá tiomanta i leith obair a shaoil mar néareolaí.
Feictear é seo ag tús an leabhair agus é ag cur síos go croíúil ar an Medulla Oblangata. Ní leabhair leadránacha eolaíochta iad seo ach léargas cuimsitheach ar mheon agus obair dhá eolaí phaiseanta a bhfuil a ghrá dá ngairm le bhraith ó gach leathanach.
Rinne V.S. Ramachandran go leor staidéar ar ghéaga samhlaithe agus bhí sé ábalta a chruthú tríd a chuid tástálacha go bhfuil fáth fisiciúil go mothaíonn daoine a chaill lámh, mar shampla, an ghéag ann go fóill. D’éirigh leis bealach sách simplí a aimsiú, a chabhraigh leis na mílte a bhí ag streachailt le bpian i bpáirt dá gcorp nach raibh ann níos mó.
Cuirfidh na leabhair seo, agus an t-ábhar seo trí chéile, iontas an chine daonna os do chomhair amach. Tá meabhrúcháin sna leabhair seo gur dochreidte an rud é an méid atá daoine daonna ábalta a dhéanamh agus na buanna atá againn, idir fhís na súil agus léamh agus scríobh. Is mór an mhistéir muid, ar bhealach, agus nach iontach go bhfuilimid ábalta labhairt l na chéile, teangacha nua a fhoghlaim, amhráin a chasadh agus staidéar a dhéanamh ar inchinn s’againn féin.
Tá sé éasca dearmad a dhéanamh air sin agus muid i bponc ag iarraidh cúramaí an tsaoil a láimhseáil. Tóg soicind chun buíochas a thabhairt do d’inchinn bhríomhar, atá ag léamh an ailt seo anois díreach os ard i do chloigeann.