‘Is mór an tábhacht leaba the theolaí a bheith ag duine’

Chuala mé seanfhear ar an raidió le deireanas a dúirt go bhfuil sé tosaithe ar fhanacht sa leaba le linn an lae toisc nach acmhainn dó, mar gheall ar ardchostas an gháis, na radaitheoirí a choinneáil ar siúl ar feadh níos mó ná uair amháin sa lá ar a mhéad. 

Iad siúd a bhí beo sa Mheánaois, thuigfidís dó: chaith siadsan cuid mhaith den lá sa seomra leapa freisin toisc é a bheith rófhuar sa chuid eile den teach. Is minic gur sa seomra leapa a d’ithidís béilí, a dhéanaidís staidéar agus a d’fháiltidís roimh chuairteoirí mar is ann a bhíodh an teallach, príomhfhoinse teasa na linne.

Ach ar mhórán slite, ba é an leaba príomhshólás na ndaoine sa Mheánaois. Óir sula raibh insliú ceart ann, nuair a bhí séideáin ag éalú isteach trí scoilteanna sna ballaí agus sna fuinneoga, agus an tine múchta istoíche nó rólag chun an seomra ar fad a théamh agus an taise a ruaigeadh, is mór an tábhacht a bhain le leaba the theolaí a bheith ag duine. 

Is é stair na leapa is ábhar do leabhar a foilsíodh san Iodáilis le déanaí dar teideal A Letto nel Medioevo: Come e con chi (‘Sa Leaba sa Mheánaois: Cén chaoi agus cén comhluadar’) le Chiara Frugoni. Ba staraí i réimse na Meánaoise í Frugoni a raibh bua faoi leith aici an stair a dhéanamh soléite taitneamhach don ghnáthdhuine. Fuair sí bás le gairid agus í 82 bhliain d’aois.

Leabhar tráthúil é an saothar deireanach seo óna peann agus an geimhreadh romhainn tráth a bhfuil an breosla ag éirí gann agus costasach.

Óir ba é an geimhreadh an t-aon séasúr amháin sa Mheánaois – nó is mar sin a samhlaíodh é do Frugoni tar éis di foinsí na linne a scrúdú. Mar shampla, i lámhleabhar ón 14ú ina dtugtar comhairle don bhean óg nuaphósta faoin gcaoi ar cheart di a fear céile a shásamh agus tearmann a chruthú dó sa bhaile, cuirtear i gcuimhne di an drochaimsir is gá dó a sheasamh ó lá go lá agus é amuigh ag obair: fuacht, leac oighir, gaoth agus báisteach. Cad é an lúcháir a bheadh air teacht abhaile tar éis lá crua oibre agus tine adhmaid a bheith ann roimhe! Agus cad é an dúil atá aige i leaba chluthar istoíche! 

Ba léiriú ar stádas sóisialta duine an cineál leapa a bhí aige. Is leapacha móra galánta a bhíodh ag lucht an airgid, maille le braillíní sómhara agus cuirtíní thart faoin leaba chun an teas a choinneáil isteach. Ní bhíodh ach leapacha tuí ag na boicht, agus ba ghnáthrud é triúr nó ceathrar acu a bheith san aon leaba amháin le chéile. 

I gcás taistealaithe, is gnách go mbíodh orthu leaba na hoíche a roinnt le strainséir amháin nó níos mó i dteach ósta. Luann Frugoni fear ósta santach san Iodáil a rinne iarracht seachtar nó ochtar a chur sa mhullach ar a chéile san aon leaba amháin, fiú! Ba mhar a chéile é d’othair san ospidéal – rud a d’fhág gur scaip galair go héasca ina measc.

Ach ba ghnách do chách, idir shaibhir agus daibhir, dul a luí nocht chun nach gcuirfeadh na dreancaidí isteach orthu, agus d’fhágfaidís a gcuid éadaí ar bhata nó ar raca le linn na hoíche chun nach bhféadfadh na francaigh nó lucha baint dóibh. 

Tosic gur mhinic an t-aer truaillithe agus na sráideanna salach i mbailte meánaoiseacha, ba dheacair éalú ó na drochbholaí. Bhí tóir ar phlandaí cumhra chun boladh an bhréantais lasmuigh a cheilt, agus is sna seomraí codlata is mó a chuirtí iad. Bhaintí leas as plandaí chun boladh cumhra a chur ar na piliúir freisin. 

Rinne an Eaglais a dícheall moráltacht an phobail sa leaba a rialú. Ar feadh i bhfad, ba iad na manaigh coinsias na hEaglaise agus ní nach ionadh, mhol siad geanmnaíocht agus féinsmacht dian i gcúrsaí collaíochta (fiú le haghaidh daoine pósta). Ach más aon léiriú cruinn iad gearrscéalta graosta Boccaccio ar shaol an 14ú haois, ba laige údarás na hEaglaise tar éis na Plá Móire – bhí daoine meáite ar shúp a bhaint as an saol arís tar éis dóibh teacht slán ó uafáis an ghalair.  

Taispeánann Frugoni go raibh an leaba fite fuaite leis an mbás agus beatha, grá dlisteanach agus neamhdhlisteanach, cluichí ceiliúrtha, gníomhartha foréigin agus pléisiúir, tinnis, rúin, agus cora casta eile an tsaoil. Tá cor eile sa saol romhainn anois agus praghas an gháis ag éirí ródhaor do mhórán – ach is féidir linn brath ar an leaba mar fhoinse sóláis in am an ghátair go fóill, ar a laghad!