‘Is mór an trua go gcaithfidh cuid againn cuimhneamh ar an gcontúirt a bhaineann le siúlóidí’

Chonaic mé tvuít le gairid inar dúradh go siúlann 50% de mhic léinn gach áit agus chuir sé sin ag smaoineamh mé ar mo thaithí féin ar a bheith ag taisteal. Níl carr agam, mar sin tá mé ag brath go mór ar an gcóras iompair poiblí agus ar ndóigh, ar mo chosa féin.

Cé go mbíonn mé ag siúl beagnach gach áit, thug mé faoi deara le gairid nach mbíonn mé ag dul ar shiúlóidí ar leith. Mar sin, thosaigh mé ag tabhairt faoi corrshiúlóid timpeall na cathrach, nuair a bhíonn am saor agam idir léachtaí.

Is maith liom a bheith ag siúl timpeall na n-áiteanna a mbíonn canálacha nó aibhneacha, nó aon áit ina bhfuil tithe deasa lonnaithe, mar go bhfuil mé thar a bheith fiosrach faoi dhaoine. B’fhéidir go mb’in é an chúis a bhfuil mé ag staidéar síceolaíochta. 

Thug muid uilig faoi chuid mhaith siúlóidí i rith na paindéime, os rud é nach raibh móran eile le déanamh. Agus an gnáthshaol ag teacht ar ais agus daoine ag dul ar ais ag obair, bheadh sé éasca go maith dearmad a dhéanamh ar na rudaí beaga seo. Ach tá fianaise ann go bhfuil siúlóidí amuigh faoin aer thar a bheith tairbheach don mheabhairshláinte, chomh maith leis an tsláinte fhisiciúil. 

Bhí orm beagán staidéir a dhéanamh ar an tionchar atá ag siúlóidí ar an intinn le haghaidh ceann de mo ranganna anuraidh. agus léirítear go bhfuil siúlóidí go maith don chóras imdhíonachta, don ghiúmar agus don intinn. Tá fiú staidéar déanta inar tugadh suntas go bhfuil siúlóidí go maith don chaighdeán codlata a fhaigheann muid gach oíche.

Ar ndóigh, mar gur cailín mé, bím ar an airdeall i gcónaí faoin gcontúirt atá ann a bheith fiú ar shiúlóid liom féin. Tá mé cinnte nach bhfuil bean ar bith sa tír nár ghoill scéal Ashling Murphy orthu, an cailín a maraíodh agus í amuigh ag rith i lár an lae. Chuir an scéal seo uafás ar gach duine. 

San ollscoil s’againne, chuir siopa na mac léinn aláraim ar fáil ar €3 an ceann. Tá siad ar shlabhra beag, agus tarraingíonn tú an slabhra chun torann mór a dhéanamh. Sílim gurb é an smaoineamh é ná go gcuirfeadh an torann faitíos ar cibé duine atá do d’ionsaí, nó go dtabharfadh sé rabhadh do dhaoine timpeall ort. Cheannaigh mé féin ceann de na haláraim seo, ach tá súil agam nach mbeidh orm é a úsáid. Ní ábhar deas é seo le caint faoi, ach is é seo an gnáthshaol do chailíní, agus sílim go bhfuil sé tábhachtach daoine a chur ar an eolas faoi na roghanna atá acu chun aire a thabhairt dóibh féin. 

Agus saol oscailte arís, tá go leor againn a bhfuil cúis cheiliúrtha againn don chéad uair ó thosaigh muid san ollscoil.  Tá na siúlóidí go maith dúinn uilig, idir mhic léinn agus chuile dhuine eile sa bpobal ach is mór an trua go bhfuil ar chuid againn cuimhneamh ar an gcontúirt a bhaineann le a bheith ag dul amach ag siúl, seachas a bheith ag baint sult as an tsiúlóid féin.

SCÉALTA EILE