Is tabú mór a rá go bhfuil aiféala ort

Tá lá na máithreacha linn agus beidh gach éinne, a maireann a mháthair, á cheiliúradh, Facetime tapa ón Astráil, nó high tea in óstán galánta. Ceiliúrann nach mór gach Éireannach an traidisiún seo agus déantar talamh slán de go bhfuil na máithreacha ar fad sásta lena gcuid. Inniu, tá Facebook lán pictiúr den ‘mháthair is fearr ar domhan’. Tá máithreacha ag moladh a bpáistí chun na spéire, tá gach éinne deisbhéalach. Ach cad faoi na máithreacha sin nach dtaitníonn leo bheith ina máithreacha? Nó na mná a dhéanann an cinneadh gan páistí a bheith acu, nár ceart lá a thabhairt dóibh ag an aonach?

Is tabú mór do bhean a rá go bhfuil aiféala uirthi gur thug sí páiste ar an saol. Is beag a chloistear caint faoi ach is scéal mór é. Chuaigh mé ag tochailt. Scrígh mé na focail ‘I regret’ in Google.

Tá “I regret having children” gar do bharr an liosta. Chuaigh mé i muinín Quora, an suíomh inar féidir leat ceisteanna a chur agus a fhreagairt go hanaithnid. Tá na céadta duine, mná den chuid is mó, ag plé na ceiste. Labhraítear faoin obair chrua a bhaineann le máithreachas, an easpa airgid agus an bac a cuirtear ar an saol gairmiúil. Labhraítear freisin ar an gcrá a bhaineann le do chuid ama ar fad a chaitheamh i measc leanaí.

“Caithfidh tú dul go cleachtadh rince, go peil, go cruinnithe scoile, rudaí thar a bheith leadránach. Breathnaíonn tú ar Peppa Pig in áit Orange is the New Black. Ní labhraíonn tú ar nós duine fásta. Nuair a bhíonn tú i do mháthair bíonn tú i d’aisteoir, i gcónaí dearfach, ag tabhairt bualadh bos do gach cartwheel agus amhrán as tiúin. Chuirfeadh sé soir thú!” a scrígh bean amháin.

Tá leathanach ar Facebook dar teideal “I regret having children” agus os cionn 8,000 leantóir aige. Labhraítear go hoscailte ann mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an tuismitheoireacht.

“Tá mé i mo chaogaidí agus níor bhain mé taitneamh as bheith i mo mháthair riamh. Tá mo pháistí sna fichidí anois agus níl iontu ach suthairí, agus iad fós ag maireachtáil sa bhaile liom. Ghoideadar m’óige agus m’áilleacht. Ní chreidfeá an faoiseamh atáim ag fáilt ó bheith in ann labhairt amach faoi ar an leathanach seo,” a scríobh bean eile.

Dhá bhliain ó shin d’fhoilsigh an scríbhneoir Francach Corinne Maier No Kid, quarante raisons de ne pas avoir d’enfant Daichead cúis gan páiste a bheith agat’.

Ainneoin go bhfuil beirt clainne sna déaga ag Maier, deir sí go bhfuil sí ag tnúth go mór leis an lá go bhfágann a páiste is óige agus gur fhág a clann í idir bhancbhriste agus chroíbhriste.

Ina leabhar tugann sí fogha faoin Mère Poulet, nó an Soccer Mom. Máithreacha a chaitheann a saol ar fad ar son a bpáistí gan aon aird orthu féin. Caithfear focal a chumadh dá macasamhail sna Gaelscoileanna, ‘Mamaí CLG’ ?

Deir Maier go bhfuil na máithreacha seo “leadránach”, agus nach bhfuil rud ar bith le rá acu, taobh amuigh de chúrsaí teaghlaigh, agus go bhfuil a bhféiniúlacht marbh.

Molann sí do mhná óga gan páistí a bheith acu. Maíonn sí go mbeidh níos mó airgid agat, go mbeidh seans agat dreapadh in airde dréimire na hoibre, go mbeidh tú in ann do phearsantacht agus do spéiseanna féin a fhorbairt, agus go mbeidh caidreamh collaí níos fearr agat le do chéile. Deir sí fiú go bhfuil páistí go dona don timpeallacht de bharr na rudaí ar fad a chaithfear a cheannach dóibh agus iad ag fás aníos.

Tuigeann Maier go gcaithfear daoine a thabhairt ar an saol chun obair a dhéanamh agus tacú le cúrsaí eacnamaíochta, ach b’fhearr léi an seans sin a thabhairt d’imirceach as tír atá faoi mhíbhuntáiste, duine a bheadh fíorbhuíoch as an deis.

Ní máthair mise, mar sin de réir Maier is seaimpín na timpeallachta agus na himirce mé. Mar sin féin, níl aon lá agamsa gur féidir liom seo a cheiliúradh! Ba cheart go mbeadh Lá Frith-Mháithreachais ann!

In ionad pictiúir de mháithreacha agus páistí gliondracha ar Facebook, bheadh pictiúir díomsa air, fós sa leaba ag ól fíona agus ag ceannach ar Amazon le m’airgead breise!

Cad a thabharfaí ar a leithéid de lá? B’fhéidir ‘Lá na mBan Stuama’? Nó níos réadúla i mo chás-sa ‘Lá na Frithghiniúna’!

Mar sin féin, ceiliúir do mháthair inniu — mar is é an post is deacra ar domhan é.

SCÉALTA EILE