Lá an Ghrá…

Lá Fhéile Vailintín atá ann amárach – an lá is rómánsaí ar domhan de réir cuid mhaith daoine.

I mbliana, tá slán fágtha ag an Chailín sa Chathair le cúrsaí collaíochta agus suim aici fáil amach cad is féidir a dhéanamh ar Lá an Ghrá taobh amuigh den seomra leapa a mhúsclóidh an rómánsúlacht!


1.) Picnic beirte

Déan rud beag turasóireachta i do cheantar féin.

Amharc amach faoi choinne na rudaí stairiúla agus oidhreachtúla atá le déanamh thart ort agus reáchtáil turas beag daoibh beirt.

Tabhair leat fleasc tae agus roinnt ceapairí agus bíodh picnic agaibh le chéile.


2.) Seisiún le grianghrafadóir

D’fhéadfá seisiún a shocrú don bheirt agaibh le grianghrafadóir proifisiúnta agus bheadh toradh grámhar na hoibre le feiceáil ar an bhalla go ceann i bhfad!

Bronntanas deas rómánsach do do ghrá geal.


3.) Ranganna damhsa

Sínigh suas faoi choinne ranganna damhsa le chéile.

Is cuma cén sórt damhsa a roghnaíonn sibh, ach de réir na ndamhsóirí ar Strictly, lasfaidh tangó tine eadraibh.


4.) Cuir roinnt plandaí le chéile

De réir na miotaseolaíochta, is féidir plandaí a chur le linn mí ar bith ina mbíonn an litir r.

Is mí iontach mar sin í Feabhra le plandaí a chur.

Mura bhfuil gairdín agaibh taobh amuigh, is féidir bosca a phlandáil taobh istigh le chéile.

Bí cinnte go labhraíonn sibh le bhur bplandaí lena chinntiú go bhfásfaidh siad go deas láidir.


5.) Gabh ag glampáil le chéile

Déan dearmad ar na hóstáin, is fearr i bhfad oíche amuigh faoin spéir in Éirinn ag stopadh in yurt álainn nó botháin adhmaid. Bí cinnte tine a lasadh ach beidh sibh féin te teolaí faoin bpluid geallaim!


6.) Lá sa spá

Ligigí bhur scíth le chéile sa spá. Is iomaí margadh maith atá le fáil ar líne le haghaidh spánna.

Níl a dhath níos deise ná Jacuzzi le chéile agus seal i dtobán na mbolgán, sa seomra gaile nó rasul (thuas) a dhéanamh, ina ndéantar clábar a chuimilt ar a chéile.

Mmmm salach ach ar bhealach deas.


7.) Oíche sna pitseámaí

Cuir oraibh bhur bpitseámaí agus caith an oíche ar an tolg le chéile ag amharc ar scannán rómánsach le smailceanna, seacláid agus gloine dheas fíona.


8.) Bronnaigí leabhar ar a chéile

Tá rud éigin rómánsach faoi aithne a bheith agat ar do pháirtí agus ar na suimeanna atá aige nó aici.

Is féidir a bheith iontach smaointeach agus leabhar maith a cheannach dá chéile.

Tá suímh idirlín ann ar féidir leat suimeanna agus údair do ghrá ghil a chur in iúl orthu agus cuirfidh siad leabhar nua amach uair sa mhí mar bhronntanas!


9.) An chéad choinne

Is féidir aithris a dhéanamh ar do chéad choinne nó rud éigin éagsúil a dhéanamh, m.sh. babhláil, dinnéar nó scátáil oighir nó cad é faoi rud éigin simplí, mar shiúlóid lámh ar lámh le chéile ááááá.


10.) Tóraíocht taisce

Má tá am agam anocht agus amárach lena eagrú, d’fhéadfá tóraíocht taisce a reáchtáil do do ghrá geal. Scríobh leideanna a bhaineann libh agus le bhur gcaidreamh go dtí seo.

Nuair atá an taisce dheireanach oibrithe amach ag do lánúin, tiocfaidh sé ort féin! Álainn agus rómánsach.

Guím oíche agus lá maith oraibh agus neart grá don bhliain atá le teacht. Mwaaaahhh!


Seo smaointe do na lánúineacha amuigh ansin. Díreoidh an cailín ar shiamsa do na vailintíní singile amárach! 

SCÉALTA EILE