Lá Idirnáisiúnta an Chait

Bíonn grá agat orthu nó bíonn gráin agat orthu, is cuid de ghnáthshaol an chine dhaonna iad na cait.

Meastar go bhfuil breis agus 600 milliún cat ar fud na cruinne agus, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an pheata clúiteach, tá Lá Idirnáisiúnta an Chait ar siúl inniu.

Ba é an Ciste Idirnáisiúnta um Leas Ainmhithe (International Fund for Animal Welfare) a chuir tús leis an nós in 2002 agus, cé go ndéanann eagrais eile an cat a chomóradh ar dhátaí eile, is é inniu an lá is coitianta.

Creid é nó ná creid, téann bunús na gcat ceansaithe baile siar 10,000 bliain go dtí an Neasoirthear nuair a thosaigh an cat fiáin a dhul a chónaí i measc na mbailte nua a bhí á dtógáil ann ag an am.

Síolraíonn gach cat ar domhan ó chúig chat fia baineann a ceansaíodh sa tréimhse sin agus anois tá níos mó ná 70 pór ar fad ann.

Tá gach seans ann go síolraíonn an focal ‘cat’, atá le fáil i dteangacha ar fud na hEorpa, ón mhórcheantar céanna, ó theanga Afra-Áisice nó teanga a bhí á labhairt san Éigipt roimh an Choptais.

Níorbh fhada gur leathnaigh an cat baile ar fud an domhain agus, níos déanaí ar ndóigh, go beagnach gach scáileán ríomhaire mar, sa lá atá inniu ann, bíonn an-tóir go deo ar fhíseáin, íomhánna agus méimeanna a bhaineann leis an ainmhí beag.

Is amhlaidh go bhfuil an oiread físeán faoi chait ar Youtube – thar 2 mhilliún! – go bhfuil ‘Sonóg Neamhoifigiúil an Idirlín’ baiste ar an chat!

Gleoite, glic agus líonmhar, is é inniu a lá mór… bígí cineálta dóibh!

SCÉALTA EILE